skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Dráma – Íomhánna

   

Images

Dhírigh rang drámaíochta an Múinteoir Ray inniu ar phictiúir reoite. Is cleachtadh drámaíochta iontach iad pictiúir reoite áit a gcruthaíonn tú íomhá ag úsáid do chorp agus do shamhlaíocht amháin, gan focail ná gluaiseacht.  Is féidir leat an íomhá a dhéanamh leat féin nó le daoine eile. 

Is féidir pictiúir reoite a úsáid chun scéalta a insint, agus chun daoine, rudaí agus fiú mothúcháin a chur i láthair.

Téigh Suas: Dealbha Ceoil

Tá a fhios agaibh conas an ceann seo a dhéanamh.  Déan áit sa seomra, faigh duine chun an ceol a chur ar siúl agus as, agus tosaigh ag búgaíáil  go dtí go stopann an DJ an ceol, agus ansin BÍ I DO STAIC!  Tá an té a bhogann amuigh as an gcluiche.  Cuir cor leis an gcluiche freisin, is féidir leis an DJ bealaí éagsúla a roghnú go gcaithfidh sibh a dheasú nuair a stopann an ceol m.sh dineasár, réalta rac-cheoil, moncaí, banana nó pé rud a smaoiníonn an DJ air. Amhlaidh is seafóidigh is fearr é! 

Gníomhaíocht 2

Anois agus tú téite suas, is féidir linn do scileanna aisteoireachta a thástáil. 

Seo liosta rudaí, ainmhithe, nó ócáidí gur féidir leat pictiúir reoite a dhéanamh astu.  Scríobh síos ar phíosaí páipéir iad agus cuir i mbabhla iad. Roghnaigh do phíosa páipéir agus tá 20 soicind agat le do chorp a úsáid le mím nó píosa aisteoireachta a dhéanamh faoin rud atá scríofa ar an bpáipéar, ansin caithfidh tú bheith i do staic!   

Crogall, Ag buachaint an crannchur, Gráinneog, Ag oscailt bronntanas, Bord, Ag spéirthumadóireacht, Scáth Báistí 

….agus smaoinigh ar roinnt eile tú féin.

Seo an Múinteoir Ray ag aisteoireacht cosúil le anann sásta. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Tabló Síscéil  

Ainm eile ar phictiúir reoite a dhéantar le daoine eile is ea tabló. Leis an gcleachtadh seo déan iarracht trí phictiúir reoite éagsúla a chruthú chun síscéal mór le rá a léiriú. Ba chóír do radharc 1 a bheith "An Tús," ba chóir do Radharc 2 a bheith "An Lár," agus léiríonn Radharc 3  "An Deireadh."

Is féidir leis na baill teaghlaigh eile buille faoi thuairim a thabhairt faoi na rudaí atá á dhéanamh agaibh. Abair leo grianghraif a thógáil agus seol isteach chugainn iad agus is féidir linne buille faoi thuairim a tabhairt freisin.

Sceitseáil do chuid smaointe do gach pictiúr reoite thíos.  

Jócanna 

What did Cinderella say when the Chemist lost her photographs?

- Someday my prints will come!

Why was Cinderella such a terrible basketball player?

- She had a pumpkin for a coach!

What do frog princes like to eat with their hamburgers? 

- French flies.

What do Unicorns call their father? 

- "Pop" corn.

What's beautiful, grey and wears glass slippers? 

- Cinderellephant!

Rapunzel is not a fairy tale, it’s a hairy tale!   

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.