skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Ceol

  

Sólfá Sona!

Mar a mhúin an Múinteoir Clíona dúinn, is féidir ceol a fhoghlaim agus a léamh leis an sólfá tonach.  Úsáideann an modh seo ainmneacha nótaí do scála agus is iad seo: DO, RE, MI, FA, SO, LA, TI, DO.  B'fhéidir gur chuala sibh trácht ar an scannán The Sound of Music.  Tá amhrán álainn sa scannán mór le rá seo a chabhraíonn leat smaoineamh ar na hocht nóta seo.  Muna bhfuil sé ar eolas agat, iarr ar tuismitheoir nó caomhnóir é a chanadh ionas gur féidir leat an fonn a chloisteáil!

Tá leagann grinn, suas chun dáta cruthaithe againne a chabhróidh leat cuimhniú ar na nótaí:

DOH, a phrase, Homer Simpson says

RE, it shoots out from the sun

MI, the person singing this song

FA, how far I’m going to run (within the 5km restriction zone!)

SO, you sing along with me

LA, La Land was a movieee

TI, we love a cup of tea

And that brings us back to DOH, DOH, DOH, DOH ... [back to the start]

Go hiondúil (ach ní i gcónaí) is ea DO an nóta C agus is é an chéad nóta ar an scála.  Seo mar a bhreathnaíonn na focail/nótaí ar an bpianó nuair a thosaíonn tú ag DO, agus cé mar a bhreathnaíonn siad ar chliath ceoil nuair a thosaíonn tú le  C.

Ainmnigh An Nóta!

Agus tú ag baint úsáid as an íomhá thuas (má theastaíonn sé), scríobh ainm gach nóta in aice leis.  Tá an chéad cheann déanta mar shample daoibh.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.   

An Féidir Leat Cumadh?

Ní raibh an sárcheoltóir Wolfgang Amadeus Mozart ach 5 bliana d'aois nuair a chum sé a chéad phíosa ceoil!  Séard atá in eochair na tribile ná siombail ceoil a úsáidtear le tuinairde (fuaim) na nóta scríofa a léiriú. Má tá fonn ort do phíosa ceoil féin a scríobh, déan cleachtadh ar dtús ar cheann acu seo a scríobh:

An bealach is fearr le tosnú ag tarraingt eochair na tribile ná tosaigh sa lár san áit a dtosaíonn an guairneán.   Ciorclaigh ar deiseal le do pheann luiadhe uair amháin agus ansin téigh suas agus timpeall ag dul tuathal ag barr an eochair, agus tar síos díreach, agus críochnaigh le coirnín. Is féidir leat é a chleachtadh cúpla uair ar an gcliath thíos, agus beidh sé agat!

Ansin, déan cleachtadh ar na nótaí a tharraingt ar an gcliath ceoil (go bunúsach is cúig líne do na nótaí atá sa chliath).  Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil líne tríd an C, níl tríd an D, tá tríd an E, agus mar sin.  Líne -> Spás -> Líne -> Spás srl.  Go hiondúíl sin mar a bhíonn na nótaí ar an scála, ach braitheann sé ar an nóta lena dtosaíonn tú.

Má mheascann tú timpeall na nótaí ar an scála, déanfaidh siad poirt difriúla nuair a chanann tú iad. Mar shampla, is iad an chéad dhá líne i Mary Had a Little Lamb ná:

MI, RE, DO, RE, MI, MI, MI

RE, RE, RE, MI, SO SO.

Agus nuair a scríobhtar mar nótaí ceoil iad ar an gcliath ceoil, breathnaíonn siad mar seo:

Is féidir leat amhrán a chruthú ag úsáid an Sólfá Tonach, nó is féidir é a scríobh i bhfoirm nóta.  Mar sin, tóg nóiméad le smaoineamh air.!  Má chleachtaíonn tú na gníomhaíochtaí thuas agus más féidir leat nótaí a scríobh agus/nó an sólfá tonach a úsáid in oird éagsúla chun amhráin nó poirt a dhéanamh, comhghairdeachas leat – is cumadóir ceoil tú anois! Tá sé sin go hiontach,nach bhfuil?  Tá moladh mór tuillte agat!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.