Bia Breá Folláin! 

Chun gur féidir le carr feidhmiú teastaíonn peitreal uaidh, agus cosúil leis teastaíonn breosla uainne le go mbeadh muide láidir agus folláin.  Bia is ea breosla an cholainn dhaonna, agus tá tábhacht ar leith ag baint leis na rudaí a itheann muid le cinntiú go bhfeidhmíonn ár gcorp i gceart m.sh. ní féidir le corp feidhmiú ar feadh tréimhse fhada ar dhramhbhia amháin, agus is gearr go n-ídíonn an fuinneamh atá sa chorp dá bharr, agus éiríonn sé tinn toisc go bhfuil vitimíní agus mianraí riachtanacha in easnamh. 

Sin an fáth go bhfuil sé fíor-thábhachtach go n-itheann muid neart cineálacha éagsúla bia.  Is trí réim chothrom bia a ithe a fhaigheann ár gcorp na breoslaí agus cothaithigh atá ag teastáil le feidhmiú i gceart.  Tá réim chothrom bia déanta as bia ó na grúpaí bia:

Torthaí & Glasraí – Is féidir leo a bheith úr, reoite, stánaithe, triomaithe nó fáiscthe agus tá siad go hiontach don aiste bia.  Tá torthaí agus glasraí lán leis na vitimíní, frithocsaídeoirí agus snáithín a theastaíonn le muid a choinneáil lán agus lenár gcóras díleá a choinneáil sláintiúil. Bí cinnte na cineálacha torthaí agus glasraí a itheann tú a mheascadh ionas go bhfaigheann tú réimse de na cothaithigh thábhachtacha atá iontu.

Carbaihiodráití: Faigheann muid fuinneamh ó charbaihiodráití, chomh maith le cailciam agus vitimíní B 

Próitéin: Cabhraíonn próitéiní leis an gcorp fás agus deisiú agus cuireann sé iarann ar fáil dúinn chomh maith le vitimíní agus mianraí eile. 

Táirgí Déiríochta: Tá na bianna seo lán le cailciam, próitéin agus vitimíní cosúil le vitimíní A, D agus B12 agus coinníonn siad na cnámha agus fiacla folláin. 

Saillte & Siúcraí – Níl móran cothú le fáil sa ghrúpa bia seo. Gearr siar an oiread agus is féidir ar rudaí ar nós margairín, ola chócaireachta agus blastáin sailéid agus bíodh milseáin, criospaí agus deochanna shúilíneacha ina phléisiúr annamh agaibh. 

Can You Match the Food to the Food Group?

Is féidir leat triail a bhaint as an gcluiche Pirimid an Bhia ar líne seo ó safeFood Ireland.

Agus eolas agat anois faoi na grúpaí bia an féidir leat béile cothrom blasta a phleanáil?  Tarraing an bia sa phictiúr thíos.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Pancóga Foirfe 

Ó safefood.eu

 Cé a dúirt nach féidir pancóga a ithe ach amháin ar Mháirt Inide! Is féidir le haon lá a bheith ina lá na bpancóg leis an oideas simplí seo.  

Is maith le go leor daoine pancóga milse mar sin is féidir blas milis a chur orthu le torthaí úra nó stofa. Nó bíodh píosa craic agat ag déanamh aghaidheanna ar do phancóga le píosaí banana nó caora!

Comhábhair - Dóthain do 6  

  • 100g / 4 oz. plúr neamhéiritheach
  • 2 ubh meánmhéide
  • 300ml / 10 fl oz. bainne leathbhearrtha
  • 1 taespúnóg ola lus na gréine

Uirlisí ag teastáil

  • Friochtán 
  • Babhla Measctha
  • Spadal 
  • Greadtóir

Modh

  1. Criathriagh an plúr isteach i mbabhla measctha, déan tobar sa lár agus cuir isteach na huibheacha buailte
  2. Úsáid greadtóir balúnach leis na huibheacha a mheascadh isteach sa phlúr agus ansin de réir a chéile gread an bainne isteach sa mheascán go mbíonn sé mín
  3. Cuimil friochtán meánmhéide neamhghreamaitheach le hola agus nuair atá sé an-te doirt isteach thart ar 3 spúnóg bhoird den fhuidreamh
  4. Go sciobtha claon an friochtán ó thaobh go taobh le brat tiubh den fhuidreamh a dhéanamh agus déan é a chócaráil ar feadh nóiméad amháin
  5. Iontaigh an pancóg le spadal agus córcaráil go mbíonn an t-íochtar beagán órga. 
  6. Lean ar aghaidh leis an gcuid eile den fhuidreamh, agus cuir tuilleadh ola ar an bhfriochtán de réir mar a theastaíonn sé 

Moltaí do riar na bPáncóg

Is féidir na pancóga a dhéanamh níos sláintiúla trí na líonadh éagsúla seo a úsáid:

  • Iógart nádúrtha éadrom le slisíní sútha talún: Cuireann 1 spúnóg bhoird de shútha talún slisnithe agus 1 spúnóg bhoird den iógart nádúrtha éadrom 25 calraí leis. 
  • Torthaí stofa (stofa le siúcra)
  • Braon beag sú líomóide

Bain triail as rud éigin difriúil trí rogha saillte a dhéanamh: Mairteoil mhionaithe Bolognese

Físeán de phancóga á dhéanamh le fáil

Má tá níos mó oidis slántiúla uait agus eolas faoi bhia sláintiúil téigh chuig www.safefood.eu 

Tabhair 10 Difríochtaí Faoi Deara

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagra