Meaitseáil
I gceacht an lae inniu, mhúin an Múinteoir Ray dúinn conas gur féidir le tír iarratas a dhéanamh chun ócáid mhór a óstáil, mar atá ar siúl againn in Éirinn faoi láthair agus muid ag déanamh iarratais Corn Domhanda FIFA na mBan 2027 a óstáil. Nach iontach an rud é!
Chun ócáid spóirt a óstáil, caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil dóthain staideanna againn leis na cluichí a imirt iontu. Féach an féidir leat na pictiúir a mheaitseáil leis na staideanna Éireannacha thíos, trí líne a tharraingt eatarthu.
Sceitseáil Do Staid
- Cén chuma a bheadh ar do rogha staid?
- Cén t-ainm a bheadh air?
- Cén spórt nó spóirt a d'fhéadfaí a imirt ann?
- Cé mhéad lucht tacaíochta a bheadh ábalta freastal ar chluichí sa staid?
- Cén dathanna a bheadh ar na suíocháin?
- An mbeadh siopaí agat sa staid a dhíolfadh bia nó éadaí spóirt?
- An mbeadh comharthaí le fógraí orthu thar timpeall an staid?
Inis dúinn faoi agus seol isteach chugainn é. Ba bhreá linn do staid a fheiceáil!
Cuardach Spóirt
Féach an féidir leat ainmneacha na spórt éagsúla a aimsiú atá i bhfolach sa phuzal focal. Tá na hainmneacha curtha isteach againn bun os cionn ag bun an phuzail, ar fhaitíos go mbeadh tú i sáinn!
Nod: Is féidir leis na focail dul ó bharr go bun nó ó bhun go barr. (droim ar ais). Seiceáil na freagraí ag bun na bileoige nuair atá tú críochnaithe!
Sonóga Iontacha!
Bealach amháin a chabhraíonn le lucht tacaíochta a bheith ag canadh amhráin agus ag gárthach le linn chluiche ná sonóg na foirne a bheith acu. Tá go leor sonóga iontacha againn in Éirinn sna spóirt éagsúla, cosúil le Barry the Bodhrán agus Leo the Lion.
Dá mbeadh tusa ábalta sonóg a chruthú don fhoireann is ansa leat, cén chuma a bheadh air? Cén t-ainm a bheadh air/uirthi? An ainmhí a bheadh ann? An bhfuil ainmhí ann a bheadh feiliúnach le bheith ina sonóg d'fhoireann na hÉireann? Bí ag smaoineamh agus tosnaigh ag cruthú. D’fhéadfá feisteas a dhéanamh agus do shonóg a ghléasadh! Tá an oiread roghanna ann!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagra-Cuardach Spóirt