Fan sa Bhaile

Bhí ceacht an lae inniu leis an Múinteoir Clíona faoin samhradh agus fáthanna le fanacht sa bhaile in Éirinn.  

Scríobh teachtaireacht chuig muintir na hÉireann ag cur ina luí orthu fanacht sa bhaile, agus bí cinnte na fáthanna gur tír iontach í Éire a chur san áireamh.  

Céim a hAon

Sula scríobhann tú aon rud, cabhraíonn sé más féidir leat plean a leagan amach faoi na rudaí go díreach atá tú chun a scríobh.  Bealach maith chun do thuairimí a chur ar pháipéar ná trí damhánléaráid.  Tugtar damhánléaráid air mar go bhfuil sé cosúil le damhán alla! Tarraingíonn tú ciorcal sa lár le pé ábhar atá tú ag scríobh faoi, sa chás seo "fan sa bhaile", agus ansin tarraing línte amach ón gciorcal i dtreo do chuid smaointe.  

Céim 2

Déan iarracht alt amháin a scríobh do gach smaoineamh.  

Seo teachtaireacht an Mhúinteora Clíona mar shampla daoibh – 

Fan Sa Bhaile

Tá muid faoi ordú dianghlasála faoi láthair. Tá an t-ádh orainn gur in Éirinn atá muid, toisc go bhfuil an méid sin le feiceáil agus le déanamh againn. 

Tá an samhradh linn, tá an ghrian sa spéir agus tá sé níos teo. 

Téigh amach ag siúl, téigh ag rith, téigh ag snámh, imir sa  ghairdín and foghlaim spórt nua.  Tá neart le déanamh.

Taobh amuigh tá ainmhithe óga tagtha ar an saol, tá na plandaí faoi bhláth agus tá na crainn glas. Téigh amach agus féach mórthimpeall ort. 

 Is féidir linn aire a thabhairt dá chéile agus grá a léiriú trí fanacht sa bhaile. 

Tá neart fáthanna le fanacht sa bhaile!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Cén áit in Éirinn?

An bhfuil a fhios agat cá bhfuil na háiteacha áille móra le rá seo in Éirinn? Seiceáil do chuid freagraí ag bun an leathanaigh. 

Ag Cócaráil as Gaeilge!

An bhfuil mórán cócarála déanta agat ó thús na srianta dianghlasála?  Seo am maith le bheith ag foghlaim.  Seo oideas deas simplí do rís fhriochta agus is féidir é a dhéanamh le rís atá fágtha ón dinnéar a bhí agat aréir.

Déanaigí cinnte go bhfuil tuismitheoir thart le súil a choinneáil oraibh agus an cócaireán agus sceana in úsáid agaibh.

Tá pictiúir de na comhábhair ag bun an leathanaigh le cabhrú libh. 

Comhábhair

· 4 chupán de rís atá bruite agus fuaraithe (donn, seasmain, bán) 

· 2 chairéad, grátáilte 

· 2 cúirséad, grátáilte 

· 1 Oinniún, gearrtha go mion 

· canna beag d'arbhar milis 

· 2 ubh, buailte go héadrom 

· 150 gram de bhagún, gearrtha ina sliseoga 

· 3-4 spúnóg bhoird d'anlann soighe 

· Do rogha féin d’ola, 2-3 spúnóg bhoird 

Treoracha

  1. Caithfidh tú an rís a chócaráil roimh ré. An bealach is fearr leis sin a dhéanamh ná rís a bheith agat leis an dinnéar an oíche roimh ré nó í a chócaráil am éigin, í a chur sa reoteoir agus í a dhíreo nuair a bheidh sí uait.
  2.  Cuir an ola i wok, ar theas measartha/ard.
  3.  Nuair atá an ola the, cuir na huibheacha isteach.
  4.  Nuair atá na huibheacha ag boilgearnach agus nuair atá an chuma ar na taobhacha go bhfuil siad cócaráilte, tiontaigh iad.
  5. Mura n-éiríonn leis an tiontú go huile is go hiomlán, ná bí buartha, lig dóibh cócaráil go hiomlán agus bain amach iad.
  6. Gearr na huibheacha agus fág ar leataobh.
  7. Cuir an bagún leis an ola in éineacht leis an oinniún.
  8. Lean ort ag friochadh go mbeidh an t-oinniún bog.
  9. Cuir isteach na glasraí eile, déan iad a fhriochadh go ceann 4-5 nóiméad. Corraigh iad ionas nach ngreamóidh siad.
  10. Cuir isteach an rís agus an ola soighe, agus coinnigh ort ag corraí.
  11. Cuir na huibheacha gearrtha isteach arís agus coinnigh ort ag corraí.
  12. Bí cinnte go bhfuil gach rud téite i gceart. Blais agus cuir a thuilleadh den anlann soighe isteach más mian leat.
  13. Cuir ar an mbord é láithreach.

Bainigí taitneamh as!

Cuirigí pictiúir nó físeáin chugainn agus sibh i mbun chócarála agus den bhéile atá réitithe ag an deireadh.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

   Freagraí: 1) Aillte an Mhothair, Co. An Chláir 2) Clochán an Aifir, Co Aontroma 3)  Is oileán í Sceilig Mhichíl amach ó chósta Chiarraí 4) Brú na Bóinne, Co na Mí 5)  An Bhoirinn, Co an Chláir 6) Gleann Dá Loch, Co Chill Mhantáin 7) Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann 8) Rinn Duáin, Co Loch Garman.