skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Ealaín – Ealaín Luibheolaíochta

   

Colláis Luibheolaíoch

I gceacht an lae inniu rinne an Múinteoir Ray colláis álainn le hábhar luibheolaíoch.  

Déantar colláis trí ábhair éagsúla a thabhairt le chéile ar dhromchla cothrom chun ealaín a chruthú. Is ábhair luibheolaíochta a thugtar orthu siúd a thagann as plandaí agus crainnte.  

Céim 1

Bí ag tóraíocht i do cheantar féin d'ábhair, agus déan iarracht an oiread uigeachtaí a fháil agus is féidir – duilleoga míne, duilleoga deilgneacha, peitil boga, coirt gharbh, nó caonach clúmhach. Cuardaigh i do ghairdín, ar phlásóg nó i bpáirc atá in aice le do theach, nó fiú féach i mbosca fuinneoige nó i mbláthchiseáin crochta. Tá an nádúr i ngach áit. Bí cinnte cead a lorg sula bpiocann tú plandaí duine éigin eile. 

Céim 2 

Socraigh d'ábhair in aon slí a cheapann tú a fhéachann go maith, d’fhéadfá portráid a dhéanamh, tírdhreach duilleach, cóisir peiteal, aon rud!  Rinne an Múinteoir Ray aghaidh as a chuid ábhair. 

Agus tú taobh amuigh sa nádúr cén fáth nach gcoinníonn tú súil amach don fhiadhúlra atá inár dtimpeall freisin.  Féach faoi na clocha nó na lomáin agus ba chóir go mbeadh neart feithidí ag sciurdadh timpeall. 

Féach ar na crainnte agus suas sa spéir agus feicfidh tú an iliomad cineálacha éin atá ina gcónaí thart orainn, níl ort ach féachaint.  Cuir marc le haon feithidí nó éin a fheiceann tú ar an mbileog oibre thíos agus abair linn conas ar eírigh leat. Tóg pictiúr de na rudaí a n-aimsíonn tú.

Chuardach Focal

B'fhéidir go mbeidh tú ábalta feithidí a aimsiú sa ghairdín ach an mbeidh tú in ann iad a fháil sa Chuardach Focal seo? 

Courtesy of twinkl.ie

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.