An Cnámharalach
Go minic breathnaítear ar chnámharlaigh ar nós rudaí atá uaibhrach nó scanrúil, ach tá cnámha i measc na mball choirp is tábhachtaí atá againn. Murach cnámharlach bheadh muid inár slodán craicinn (gránna!) gan ábalta bogadh nó análú, agus bheadh orgáin agus fuileadáin an choirp á fháisceadh, iad mí-ábalta feidhmiú. Tugann ár gcnámha tacaíocht do na matáin agus craiceann agus cosnaíonn siad na horgáin.
Tráth na gCeist an Chnámharlaigh

Ceisteanna:
- Nuair a rugtar leanbh tá 270 cnámh ina gcorp. Cé mhéad atá ag duine fásta a) 270 b) 206 c) 300
- Cén chnámh a chosnaíonn ár n-inchinn? Líon isteach ar an léaráid.
- Cén chnámha a chosnaíonn na scamhóga agus an croí? Líon isteach ar an léaráid
- Cén t-ainm atá ar an gcnuasach de 33 cnámha a choinníonn muid inár seasamh suas díreach? Marcáilte c) ar an léaráid.
- Céard í an chnámh is faide agus is láidre sa chorp? Líon isteach ar an léaráid
- Cén mianra, atá tábhachtach do chnámha folláine, atá le fáil i dtáirgí déiríochta?
- Cén vitimín a bhfaigheann muid ó sholas na gréine?
- Cá bhfuil an chnámh is lú sa chorp?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Cluiche – Caith an Cnámharlach
Ag teastáil uait: Peann Luaidhe, páipéar, dísle, 2 imreoirí nó níos mó.
An aidhm atá leis an gcluiche seo ná bheith ar an gcéad duine a chríochnaíonn an cnámharlach a tharraingt go hiomlán. Tá gach uimhir ar an dísle cothrom le ball don chnámharlach agus nuair a chaitheann tú an uimhir tarraingíonn tú an chuid sin den chnámharlach m.sh má chaitheann tú 6 tarraingíonn tú an corp. Má chaitheann tú 6 arís caithfidh tú do sheal a ligean thart mar go bhfuil corp agat cheana féin.
Déan sealaíocht chun an dísle a chaitheamh. Caitheamh amháin an duine.
6 = corp – creat na n-easnacha, dromlach, cnámh an chromáin
5 = blaosc
4 = lámh chlé, rosta, agus cnámha na méara
3 = lámh dheas, rosta, agus cnámha na méara
2 = cos chlé, rúitín, agus cnámha na coise
1 = cos dheas, rúitín, agus cnámha na coise
Más mian leat an cluiche a bheith níos deacra, agus ina ábhar frustrachais, is féidir leat riail a bheith ann go gcaithfidh tú 6 (an corp) a chaitheamh le tosnú ag tarraingt do chnámharlaigh.
Tabhair Cnámh don Mhadra
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: 1) b 206 2) a) Blaosc 3) b) Easnacha / creat na n-easnacha 4) an dromlach 5) Féimear/ Cnámh na Leise 6) Cailciam 7) Vitimín D 8) Sa chluas