Déan É: Seó Scáthphuipéad
Ag teastáil uait:
- Cairtchlár (oibríonn clár ó bhosca bróg freisin dó seo)
- Rialóir
- Siosúr
- Páipéar Bácála
- Gliú
- Páipéar dubh
- Fáiscín feileacáin
- Maidí
Conas é a dhéanamh:
Céim 1: Chun an scáileán amharclainne a dhéanamh, úsáid cairtchlár láidir a fhanfaidh ina seasamh (oibríonn clár ó bhosca bróg go maith). Ag úsáid rialóir, tarraing cruth dronuilleogach ar an gclár agus gearr amach é le bheith i do scáileán. Níor chóir don dronuilleog dul chomh fada leis na taobhanna ar an gclár. Ba chóir go mbeadh ar laghad 3cm idir ciumhaiseanna an chláir agus an dronuilleog.
Céim 2: Rianaigh an clár ar pháipéar bácála agus gearr amach é. Caithfidh an páipéar bácála/scáileán a bheith níos mó ná an dronuilleog a ghearrann tú amach, ionas gur féidir é a ghliúáil do chúl an chláir. Gliúáil é mar a fheiceann tú sa phictiúr.
Céim 3: Tarraing imlíne de bhean ar pháipéar dubh agus gearr amach é. Is féidir leat imlíne d'aon rud a tharraingt, ach tá muide ag úsáid bean an uair seo.
Céim 4: Gearr amach giall an mhná agus ceangail é ar chúl ag úsáid an fháiscín féileacáin.
Céim 5: Úsáid maidí chun an puipéad a smachtú , ceann ar a cloigeann agus ceann ar a giall.
Céim 6: Úsáid tóirse chun solas a dhíriú tríd an scáileán agus an puipéad, múch na soilse, agus bain sult as a bheith ag déanamh siamsa don chlann le seó scáthphuipéad!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Máistir Na Scáthphuipéid: Lotte Reiniger
- Rugadh Lotte Reiniger sa Ghearmáin ar an 2ú Meitheamh 1899.
- Agus í ina páiste, bhí sí faoi dhraíocht ag an bpuipeadóireacht scáthchutha, ealaín Síneach, agus fiú thóg sí a hamharclann phuipéad féin ionas go bhféadfadh sí seónna a chur ar taispeáint dá clann agus cairde.
- Chláraigh a tuismitheoirí í in Amharclann Max Reinhardt agus thosaigh sí ag déanamh portráidí scáthchrutha de na haisteoirí éagsúla a bhí ina timpeall.
-
I 1918, rinne sí francaigh adhmaid beochana don Pied Piper of Hamelin. De bharr an rath a bhí ar a cuid oibre d'éirigh léi áit a bhaint amach i stiúideo beochana.
-
Rinne agus stiúraigh Lotte go leor gearrscannáin in imeacht na mbliana, léirigh agus thaifead a fear céile iad.
-
Rinne sí scannán lánfhada dár teideal The Adventures of Prince Achmed agus is é an scannán lánfhada beochana is sinne atá againn.!
-
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, b'éigean do Lotte agus a fear céile fanacht i mBeirlín, ach faoi dheireadh d’éirigh leo bogadh go Londain áit ar oscail siad Primrose Productions.
-
Rinne Lotte go leor scannáin scáthchrutha beochana, a bhformhór don BBC.
-
Bhásaigh sí sa Ghearmáin ar an 19ú Meitheamh, 1981, agus 82 bliana d’aois.
Tomhais Na Scáthdhdráma!
Féach an féidir leat na scéalta móra le rá seo a oibriú amach, an aisteoireacht déanta ag na scáthphuipéid.
1)

2)
3)
4)
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí Scáthdhdráma:
Aladdin / Thumbelina / Cinderella / Dracula