skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Gaeilge

 

Bí ag Canadh

Seo na focail don amhrán a mhúin an Múinteoir Clíona dúinn i gceacht Gaeilge an lae inniu, agus anois is féidir leat a bheith ag canadh leat sa bhaile. Bain sult as!

An Rógaire Dubh

Tá mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh,
Mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh,
Mo stoca is mo bhróga ag an rogaire dubh,
Mo naipicín póca le bliain is an lá inniu.

Aimsigh Na hÉadaí Atá Trína Chéile!

Cluiche Sa Bhaile - Siopa Éadaí

Cuir siopa éadaí ar bun i do theach féin chun na frásaí Gaeilge seo a chleachtadh.  Is fiú go mór gnáth chómhra a úsáid le do chuid Gaeilge a chleachtadh. Seo an scriopt gur féidir a úsáid más mian leat!

Siopadóir: Dia duit.

Custaiméir: Dia is Muire duit.

Siopadóir: Conas atá tú?

Custaiméir: Tá mé go maith, go raibh maith agat.

Siopadóir: Cad atá ag teastáil uait?

Custaiméir: Tá _____________ ag teastáil uaim.  Cén praghas atá ar an

___________?

Siopadóir: Tá sé ______ euro, le do thoil.

Custaiméir: Seo duit __________ euro.

Siopadóir: Go raibh maith agat.  Slán leat!

Custaiméir: Slán!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

FREAGRAÍ AR NA hÉADAÍ A BHÍ TRÍNA CHÉILE:

BUATAISÍ / SCIORTA / GEANSAÍ / BRÓGA REATHA / BRÍSTÍ / SEAICÉAD