Céard é códáil?
Séard is códáil ann ná an bhealach atá againn chun treoracha a thabhairt do ríomhchlár. Cuimsíonn ríomhchláracha suíomhanna gréasáin, cluichí, aipeanna agus fiú an bhealach go n-oibríonn ár ríomhairí agus ár ngutháin.
An raibh a fhios agat?
Is féidir linn códáil i roinnt mhaith teangacha difriúla. An príomhrud nach féidir linn dearmad a dhéanamh ar ná go gcaithfidh ár gcód a bheith iontach soiléir ionas go dtuigfidh an ríomhchlár an rud go díreach atá ag teastáil uainn.
An bhfuil a fhios agat cad iad soilse LED? Céard iad na rudaí atá agat i do theach a úsáideann soilse LED chun oibriú?
Tá soilse LED mórtimpeall orainn. Is iad na soilse a léiríonn an t-am ar ár gcloig aláraim agus ár n-oighinn. Is iad na soilse a thaispeánann dúinn go bhfuil ár dteilifíseáin ar fuireachas. Nach bhfuil sé iontach gur féidir linn 25 ceann a ríomhchlárú ar fad le chéile. Foghlaimeoimid conas é sin a dhéanamh.
Anois go bhfuil tú i ndiaidh foghlaim faoi ionchuireanna, seichimh, fabhtanna agus lúba, an féidir leat dúshlán na seachtaine a chur i gcrích roimh fhíseán na seachtaine seo chugainn? Teastaíonn ón bhfoireann DreamSpace go gcruthóidh tú tionscnamh nua ag https://makecode.microbit.org agus:
- Go bpiocfaidh tú trí ionchuir difriúil (msh: cnaipe A ar siúl brúite, creathadh ar siúl)
- Beochan a dhearadh le haghaidh gach ionchuir a roghnaíonn tú.
- Go ndéanfaidh tú féin agus do chlann píosa aclaíochta nuair a fheiceann sibh an beochan sin agus go mbogann sibh in éineach leis an mbeochan ar scáileán an micro:bit.