Maisc Veinéiseacha

Ciao! Ciallaíonn sé sin 'Haigh' san Iodáilis. 

Inniu thug an Múinteoir Ray sibh ar aistear chuig Carnabhal na Veinéise san Iodáil.  

D’fhoghlaim muid go reachtáileann pobal na Venéise an carnabhal spleodrach seo gach bliain roimh an gCarghas. Bíonn siad gléasta suas i gcultacha ildaite agus maisc agus bíonn paráid mórthaibhseach acu feadh chanálacha na cathrach.  

Seo físeán de roinnt de na maisc agus cultacha ó charnabhal na bliana seo caite. Seans go dtabharfaidh sé spreagadh duit agus tú ag iarraidh do mhasc féin a dhearadh.

Sula dtosaíonn tú ag dearadh do mhaisc is féidir leat Clár Tobsmaointe a úsáid chun leagan amach a dhéanamh ar an gcineál maisc atá tú chun a chruthú m.sh. An mbeidh sé bunaithe ar ainmhí éigin?  Cén dathanna atá tú chun a úsáid? An mbainfidh tú úsáid as criáin, péinteanna nó marcóirí?

Cén cineál maisiucháin a úsáidfidh tú?  An bhfuair tú smaointe ó aon rud eile chun tú a spreagadh m.sh. pátrúin ar pháipéar beartáin, píosa éadaigh, masc a chonaic tú ar líne, dath an t-léine is fearr leat? Cuir do chuid smaointe ar fad ar do chlár tobsmaointe.

Seo Clár Tobsmaointe Mhúinteora Ray

Seo an teimpléad don chlár tobsmaointe 
 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Conas Masc Veinéiseach a dhéanamh

Ag teastáil uait: bosca gránaigh nó cárta, bileog páipéar bán, gliú, siosúr, téip ghreamaitheach, ribín nó píosa sreangáin, dathanna (péint, marcóirí, criáin) agus roinnt maisiúcháin. 

  1. Tarraing nó déan prionta de chruth do mhaisc (tá an teimpléad ag bun an leathanaigh.  Má tá tú á tharraingt déan cinnte go bhfuil na súile san áit cheart.
  2. Gliúáil do leathanach leis an gcairtchlár.

  3. Gearr amach an masc. Iarr cabhair ó dhuine fásta chun na súile a ghearradh amach.  


  4. Anois tá sé in am do mhasc a dhathú agus a mhaisiú in aon slí gur mian leat.  Féach siar ar do chlár tobsmaointe go bhfeicfidh tú céard a bhi beartaithe agat. 
  5. Téipeáil nó stápláil an ribín nó sreangán leis an dá thaobh den masc.  Bí cúramach leis na stáplaí mar is féidir leo a bheith géar mar sin téipéail os a gcionn ionas nach dtéann do ghruaig i bhfostú iontú nó ionas nach scríobann siad tú.  Nó, in ionad ribíní, is féidir leat do mhasc a théipeáil le maide, peann luaidhe nó cipín itheacháin and croch suas an masc os comhair d'aghaidh seachas é a cheangail thart ar do cheann. 

Tá cáil ar an Iodáil as a gcuid pasta.  An ndearna tú do anlann pasta féin riamh?  Seo oideas thar a bheith simplí gur féidir le gach duine a dhéanamh.  

Anlann Pasta Éasca Péasca

Comhábhair (Dóthain 4)

  • 2 spúnóg bhoird ola olóige
  • 1 oinniún meánmhéide díslithe (gearrtha suas)
  • 1 ionga gairleoige, brúite i mbrúiteoir gairleoige nó mionghearrtha. 
  • 400g canna trátaí gearrtha
  • 1 spúnóg bhoird finéagar balsamach
  • 4 trátaí griantriomaithe (roghnach), gearrtha
  • 1/2 taespúnóg oragán triomaithe
  • Salann agus piobar dubh
  • Dornán mór duilleoga basal úra, gearrtha
  • 300 g pasta m.sh. penne, fusilli, spaigití nó pé rud atá agat sa bhaile 
  • Cáis ghrátáilte m.sh. Parmasán nó céadar 

Treoracha

TÁBHACHTACH - Faigh duine fásta chun súil a choinneáil ort ag gearradh agus ag úsáid an cócaireán.  Ná déan é i d'aonar. 

  1. Doirt an ola isteach i sáspan agus bíodh an teas ar siúl measartha íseal. Cuir na hoinniúin sa sáspan agus déan é a chócaráil é ar feadh 10 nóiméad, go dtí go bhfuil an oinniún bogtha. Corraigh é go rialta agus ná lig cead dó dó nó iontú donn. 

  2. Nuair atá an oinniún bogtha cuir isteach an ghairleog agus déan é a chócaráil ar feadh nóiméad eile. 

  3. Ansin cuir isteach na trátaí, finéagar balsamach, oragán, gráinne salainn agus piobair nó dhó agus leath den bhasal gearrtha. Ardaigh an teas beagán go mbíonn an t-anlann ag bruith, ansin cas síos ar theas íseal é agus déan é a chócaráil ar feadh 10 – 15 nóiméad, agus corraigh é anois agus arís.  

  4. Fad agus atá an t-anlann ag cócaráil tá sé in am an pasta a dhéanamh. Cuir sáspan mor uisce ar theas ard agus déan é a fhiuchadh (nuair a thosaíonn sé ag boilgearnach!).  Nuair atá sé fiuchta cuir isteach an pasta agus déan é a chócaráil de réir mar atá ráite ar an bpaicéad.  

  5. Nuair atá an pasta réidh, fáigh duine fásta chun é a shíothlú, ach sábháil cúpla spúnóg bhoird den uisce pasta. Corraigh an pasta isteach san anlann agus cuir isteach an t-uisce pasta.  

  6. Cuir chun boird an pasta agus anlann le crothán maith cáise agus na duilleoga basal atá fágtha. 

Buon appetito!

Nod:  Más maith leat anlann pasta mín úsáid cumascóir láimhe chun fáil réidh le haon cnapáin.

Pizza Problemo

An raibh a fhios agat gur déanadh píotsa don chéad uair i Napoli san Iodáil!. 

An féidir leat cabhrú leis an gcócaire Iodálach a phíotsa a aimsiú?

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Freagra