Stampaí
Seo na treoracha faoi conas na stampaí a rinne Múinteoir Clíona i gceacht an lae inniu a dhéanamh. Bíodh spraoi agat le stampaí!
Ag teastáil uait – Cairtchlár, píosa sreangáin, cipíní / cipíní fiacla, gliú, páipéar, péint, scuab phéinteála.
- Gearr amach cearnóg den chairtchlár
- Gearr amach stiall den chairtchlár chun murlán a dhéanamh. Fill ina dhá leath é agus ansin fill ag an mbun é agus gliúáil ar an gcearnóg den chairtchlár é.
- Clúdaigh an stampa le gliú agus cóirigh an sreangán i bpatrún atá ina ghuairneán (nó pé patrún is mian leat!)
- Scuab an péint ar an sreangán.
- Brúigh síos an stampa ar do pháipéar.
- D'fhéadfá stampa eile a dhéanamh freisin ag úsáid cipíní, no aon rud eile a cheapann tú a bheadh go maith chun prionta a dhéanamh.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Lorg na Lapaí
Agus anois priontaí atá an-éagsúil - lorg coise ainmhithe! An bhfaca tú roinnt loirg lapaí sa phuiteach riamh agus ar smaoinigh tú ar na hainmhithe a d'fhág na loirg ina ndiaidh? Seo treoir gearr faoi chuid de loirg coise ainmhithe na hÉireann. An áit is fearr chun na loirg a fheiceáil ná ar thalamh bog cois na habhann, sa sneachta, nó sa phuiteach tar éis na báistí.
Jócanna Ainmhithe
How do you catch a squirrel?
- Climb a tree and act like a nut.
What do you get if cross Bambi with a ghost?
- Bamboo!
What do you call a deer with no eyes?
- No idea! (No eyed deer, get it?)
Where do otters keep their money?
- In the river bank!
What do you call a fox with carrots in his ears?
- Anything you want, he can't hear you!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.