Fíric V Tuairim
Inniu mhúin Múinteoir Ray dúinn, go bhfuil ceisteanna ann a bhfuil freagra amháin acu (fíric) agus ceisteanna eile nach bhfuil freagra cinnte acu (tuairim).
Scríobh síos cé acu de na ceisteanna a leanas go bhfuil freagra acu atá ina fíric nó ina tuairim.
Cuimhnigh: Ní gá duit an cheist a fhreagairt (ach déan é sin freisin más maith leat), níl le déanamh ach fíric nó tuairim a scríobh lena dtaobh.
Cluiche: Díospóireacht Draíochtúil
Seo cluiche spraíúil gur féidir leat a imirt sa bhaile. Tá 2 imreoirí ar a laghad ag teastáil uait, roinnt píosaí cárta nó páipéir, agus rud éigin chun iad a choinneáil (babhla nó bosca).
-
Scríobh ábhair éagsúla ar chárta nó píosaí páipéir.
-
Cuir na cártaí sa mbosca agus pioc ceann go randamach.
-
Cuir 60 soicind ar an stopuaireadóir do chách.
-
Caithfidh gach duine a dtuairim a thabhairt faoin ábhar chomh tapa agus is féidir, ansin athschocraigh an t-am agus tugann an chéad duine eile a dtuairim faoin ábhar. Is féidir libh aontú nó easaontú faoin ábhar, ach caithfidh sibh fáthanna a thabhairt.
Seo roinnt samplaí d'ábhair a d’fhéadfá a úsáid, ach pioc aon ábhar is mian leat!
-
Tá sé i bhfad níos fearr don dúlra, má fhanann daoine sa bhaile.
-
Tá éidí scoile go maith.
-
Níl sé tábhachtach athchúrsáil a dhéanamh.
-
Ba chóir go mbeadh cosc ar obair bhaile.
-
Is é an t-am is fearr den bhliain ná an Samhradh.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Is Mise: Féinphortráid
Maisigh imlíne an choirp seo, ag taispeáint na rudaí a thaitníonn leat fút féin agus na rudaí go bhfuil tú go maith ina mbun. Seol isteach chugainn é más mian leat!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ - FÍRIC V TUAIRIM: 1) FÍRIC 2) FÍRIC 3) TUAIRIM 4) FÍRIC 5) TUAIRIM 6) TUAIRIM 7) FÍRIC 8) TUAIRIM