Gníomhaíocht: Cuir Dráma Ar Siúl!
I gceacht Homeschool Hub an lae inniu, d'inis Múinteoir Ray dúinn faoi scéal na Trí Mhuicín. Is scéal iontach é seo gur féidir leat a léiriú le do chlann, fiú muna bhfuil ach beirt agaibh i do theach, is féidir libh na páirteanna difriúla a dhéanamh.
Ba chóir duit smaoineamh ar na rudaí seo agus dráma na muicíní á léiriú agat!
Carachtair
- Muc 1
- Muc 2
- Muc 3
- Mac Tíre Gránna
- Mamaí Muc
- Scéalaí
Suíomh
Is féidir an suíomh a bheith suite sa bhforaois, nó ar an trá nó ar shliabh nó faoin uisce fiú! Aon áit gur féidir leat teach a thógáil. Lig le do shamhlaíocht!
Eachtraí
-
Bogann na trí mhuicín amach as a dteach.
-
Caithfidh siad a dteach féin a thógáil.
-
Tógann ceann acu teach tuí, ceann eile teach déanta as adhmad agus oibríonn an tríú ceann an-chrua agus tógann sé teach brící.
-
Leagan an mac tíre na tithe tuí agus adhmaid ach ní féidir leis an teach brící a shéideadh chun siúil.
-
Déanann an mac tíre iarracht dul síos an simléar sa teach brící, ach titeann sé isteach i bpota uisce fiuchta.
-
An ceacht atá le baint as an scéal: Bíonn rath orthu siúd a oibríonn go dian. D'oibrigh an muicín a thóg an teach brící níos déine ná a dheartháireacha, shábháil sé é féin agus na muicíní eile freisin!
B'fhéidir go bhféadfá do dhráma a thaifead agus é a sheoladh isteach chugainn ar shuíomh gréasáin an RTÉ Home School Hub! Ba bhreá linn é a fheiceáil.
Cluiche: Faigh An Bagún! (3+ Imreoirí)
-
Seasann imreoirí i líne os comhair a chéile taobh thiar de líne ar chaon taobh agus tá rud éigin sa lár gur "bagún" atá ann (molaimid rud éigin cosúil le leabhar nó liathróid a úsáid seachas fíor-bhagún. D'fhéadfadh sé sin a bheith mí-shlachtmhar!).
-
Is féidir le duine eile a bheith ina réiteoir ag seasamh ar an taobh.
-
Nuair atá gach duine ullamh, scairteann an réiteoir "FAIGH AN BAGÚN!!" agus ritheann imreoir ó chaon fhoireann ón líne go dtí an lár chun greim a fháil ar an mbagún.
-
Caithfidh an t-imreoir a fhaigheann an "bagún" ar dtús rith ar ais taobh thiar dá líne foirne féin, sula ndéanann a gcéile comhraic teagmháil leo.
-
Bronntar pointe ar an bhfoireann sin. Má dhéantar teagmháil le himreoir, ní fhaigheann an fhoireann sin aon phointí.
Nod: Má tá níos mó ná imreoir amháin ar chaon taobh, is féidir leis an réiteoir uimhreacha a thabhairt do na ball foirne. Mar shampla, bheadh 1 agus 2 ar fhoireann amháin agus 1 agus 2 ar an bhfoireann eile. Ansin scairteann an réiteoir "FAIGH AN BAGÚN, UIMHREACHA a 1!" agus ritheann na huimhreacha a 1 amach chun greim a fháil ar an mbagún agus ar ais sula ndéanann an uimhir a 1 eile teagmháil leo, agus ar aghaidh mar sin.
Bainigí sult as!
Cartún Le Dathú
Seo cartún de na Trí Mhuicín gur féidir leat a dhathú. Bain taitneamh as!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.