Claonmhéadar
Inniu d'fhoghlaim muid gur píosa trealaimh áisiúil atá i gclaonmhéadar a úsáidtear chun uillinneacha a thomhas nó chun áireamh a dhéanamh ar neas-airdí. Úsáidtear go minic é i bhforaoiseacht, innealtóireacht agus réalteolaíocht. Ceapadh os cionn 1,000 bliain ó shin é agus píosa trealaimh thar a bheith tábhachtach a bhí ann do loingseoirí.
Conas Claonmhéadar Chlíona a dhéanamh
Ag teastáil uait – Cárta nó páipéar (2 phíosa greamaithe le chéile), peann luaidhe, téip, coinlín óil, compás (níl sé riachtanach), uillinntomhas*, snáithe, marla / taos / blue tack. *is féídir leat an teimpléad claonmhéadair atá ag bun na treoracha a phriontáil muna bhfuil uillinntomhas agat, níl le déanamh ach é a ghreamú le píosa cárta agus gearr amach é agus ansin lean na treoracha ó chéim 3 ar aghaidh.
- Úsáid compás nó taobh phláta chun an ciumhais chuar a tharraingt agus ansin marcáil 0 céim, 90céim isteach ar an dá cheann den chuar.
- Socraigh do uillinntomhas ar an líne idir 0 céim agus 90 céim agus marcáil an uillinn 45 céim air agus tarraing líne uaidh sin go dtí an coirnéal.
- Gearr amach an claonmhéadar
- Greamaigh an coinlín óil ar bharr an chárta. Gearr an coinlín óil chun go mbeidh sé ar cóimhéid leis an gcárta.
- Greamaigh roinnt marla le píosa sreangáin agus croch é ionas go mbeidh an snáithe agus marla crochta go neamhshrianta. Anois is féidir leat do chlaonmhéadar a úsáid.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Conas claonmhéadar a úsáid
-
Seas os comhair chrainn gur mhaith leat an airde a thomas.
-
Ag féachaint tríd an gcoinlín óil ag an taobh is faide ón sreangán, athraigh an uillinn ar an gcárta go dtí go mbíonn sé crochta ag 45º.
-
Anois siúl i dtreo nó ón gcrann go dtí go bhfeiceann tú barr an chrainn tríd an gcoinlín óil. (Tá sé úsáideach cara a bheith i do theannta le súil a choinneáil ar an sreangán duit).
-
Tomhais an fad idir tú féin agus an bun an chrainn agus sin an neas-airde atá ag an gcrann
Agus tú amuigh ag tomhas airde na gcrann, seo roinnt nod duit ar conas roinnt de na crainn Éireannacha comónta a aithint trí féachaint ar na duilleoga.
Tree-rific Jokes!
How do trees access the internet?
They log on!
What's a tree’s favourite subject in school?
Geometree
What did the tree say to the bully?
Leaf me alone
What type of tree fits in your hand?
A palm tree
What happened to the wooden car with wooden wheels and a wooden engine?
It wooden go.
Why are Christmas trees terrible at sewing?
Because they keep dropping their needles.
Silly Riddles:
What weighs more, a pound of leaves or a pound of logs?
What animals can jump higher than a tree?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Answers: Riddle – 1) They both weigh the same, they're both a pound! 2) All animals can jump higher than a tree; trees can’t jump!