skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Gaeilge

  

Cuimil Do Bhosa

 

Inniu thaispeáin Múinteoir Ray cluiche iontach dúinn dár teideal Cuimil do Bhosa. Seo na focail arís, agus bí cinnte na gluaiseachtaí a dhéanamh freisin! 

Cuimil do bhosa.
Cuimil do bhosa.
Suas is síos!
Dún do lámha.
Oscail do lámha.
Dún is oscail arís!

Dorn ar dhorn.
Dorn ar dhorn.
Suas, suas, suas!
Buail do bhosa.
Buail do bhosa.
Thuas, thuas, thuas!

Cluiche Meaitseála

Meaitseáil an bréagán leis an ainm ceart trí líne a tharraingt eatarthu. Iarr ar dhuine fásta iad a sheiceáil duit, le fáil amach an bhfuair tú gach ceann i gceart!

Gníomhaíocht

Tarraing pictúir de do bhréagáin sa bhosca seo. Scríobh na hainmneacha!

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.