Diaibéiteas
Mar a d'fhoghlaim muid inniu le Múinteoir Clíona, galar atá sa diaibéiteas a bhíonn ag daoine fad a mhairfidh siad. Galar atá ann toisc nach n-úsáideann, nó nach dtáirgeann an corp inslin i gceart. Déantar inslin i do phaincréas agus tá sé riachtanach chun gur féidir ledo chorp glúcós (siúcra) a ghlacadh isteach, rud atá ag teastáil le haghaidh fuinneamh.
D’uireasa an méid ceart d’insline, scaipfidh leibhéal ard glúcós (siúcra) timpeall sruth na fola agus is féidir leis seo fadhbanna a chruthú. Tá 2 chineál diaibéiteas ann – Cineál 1 nach féidir a chosc agus Cineál 2 gur féidir linn a lán a dhéanamh chun é a chosc.
Tráth na gCeist Tapa: Freagair na ceisteanna seo ag úsáid an t-eolas agus léaráidí thuas
-
Céardadhéananninslinsachorp?
-
Cén úsáid a bhaineann an corp as glúcós?
-
Cén difríocht atá idir duine nach bhfuil diaibéiteas orthu le duine le Diaibéiteas Chineál 1?
-
Cén difríocht atá idir duine nach bhfuil diaibéiteas orthu agus duine le Diaibéiteas Chineál 2?
-
Ba chóir do dhuine le diaibéiteas cineálacha bia le siúcra sa bhreis a sheachaint agus ba chóir dóibh neart uisce a ól, go háirithe agus iad ag déanamh aclaíochta. Fíor nó bréagach?
Carb Ard VS Carb Íseal
Má tá diaibéiteas agat, ní féidir le do chorp carbaihiodráití ("carb") a phróiseáil i gceart. Tá cineálacha bia ar nós: milseáin, gránaigh bricfeasta clúdaithe le siúcra, arán bán, pasta bán, brioscaíagus criospaí ard i gcarbaihiodráití.
Féach thíos ar na cineálacha bia agus scríobh in aice leo má cheapann tú go bhfuil siad ard nó íseal ó thaobh carbaihiodráití de. Freagraí ag bun an leathanaigh.
Arán Bán _______________
Caora _______________
Cáis _______________
Bradán _______________
Taoschnó _______________
Comharthaí + Siomptóim
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Tráth Na gCeist Tapa: 1) Tá Inslin Riachtanach Ionas Gur Féidir Le Do Chorp Glúcós (Siúcra) A Ghlacadh Isteach. 2) Tá Glúcós Ag Teastáil D'fhuinnimh Sa Chorp. 3) Le Cineál 1, Ní Dhéanann An Corp Inslin. 4) Le Cineál 2, Tá An Corp Frithsheasmhach Le Hinslin. 5) Fíor
Carb Ard Vs Carb Íseal: 1) Ard 2) Íseal 3) Íseal 4) Íseal 5) Ard