Feasacht Spásúil
An bhfuil a fhios agat do thaobh dheas ó do thaobh chlé? Níl sé chomh héasca sin smaoineamh air mar sin caithfimid súil arís ar na treoracha a d'fhoghlaim muid inniu
Nod maith ar conas cuimhniú ar cé acu do lámh chlénó dheas ná má chuireann tú do lámha amach os do chomhair le do chuid ailt béal in airde ar d'aghaidh, agus sín amach d’ordóga i dtreo na taoibhe. Déanann an lámh chlé an litir L. Tosaíonn an focal Left leis an litir L nó tá L freisin sa bhfocal CLÉ.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
An féidir leat treoracha a leanúint? Déanfaidh muid do chuid scileanna a thástáil. Feach ar an léarscáil agus ansin lean na treoracha ar an gcéad leathanach eile. Scríobh síos cá bhfuil tú tar éis gach treoir a leanúint. Tosnaigh sa chearnóg "You are here" ar an ngreille.
Dallamullóg Dall Baile
Déan tástáil ar do chuid scileanna chun treoracha a thabhairt trí phúicín a chur ar dhuine sa chlann agus ansin treoraigh iad i dtreo rud éigin. Bí cúramach, seachain constaicí ar an talamh chun a chinntiú nach ngortófar an duine atá ag caitheamh púicíne.
Is féidir leat cluiche a dhéanamh as le daoine eile agus tomhais cén fhad a thógann sé ar an duine le púicín ceann scríbe a bhaint amach. Is iad an fhoireann a bhaineann ceann scríbe amach san am is tapúla an dream is fearr ag tabhairt agus ag glacadh le treoracha.
Ná déan dearmad an teanga a bhaineann le feasacht spásúil a úsáid:
- Clé
- Deas
- Ceathrú casaidh ar dheis nó ar chlé
- Leathchas
- Ar aghaidh
- Siar
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí:1) Ollmhargadh 2) Bácús 3) Sú 4) Siopa Torthaí agus Glasraí 5) Siopa Milseán 6) Clós Súgartha 7) Sorcas 8) Teach Ray 9) Carrchlós 10) Loch