skip to main content

Rang 3 & Rang 4: Stair

Mná Ar An Uisce

I gceacht an lae inniu, d'inis Múinteoir John dúinn faoi roinnt foghlaithe mara iontacha gur mná a bhí iontu. Sheol na mná seo a bhí láidir, cumhachtach agus neamhspleách ar an mhórmhuir ar thóir saibhris, saoirse agus uaireanta díoltais.

Credit: The O'Brien Press
  • Nuair a dúradh le Gráinne Ní Mháille nach bhféadfadh sí a bheith mar chuid d'fhoireann loinge a hathair mar gheall go ngabhfadh a gruaig fhada i bhfostú i rópaí na loinge, ghearr sí cuid mhaith dá cuid gruaige agus baistíodh an leasainm 'Gráinne Mhaol’ uirthi.

  • Fodhlaí mara eile go raibh fuil Éireannach inti ab ea Anne Bonny a raibh cáil uirthi as a bheith teasaí agus misniúil. D’ólfadh sí rum go cíocrach, bhíodh sí ag eascainí, bhí sí ina claimhteoir agus lámhachóir piostal chomh maith le haon fhear sa chriú.

  • Chungombeadhsíábaltaanfódasheasamhisaolabhí faoi smacht ag fir, bhíodh Mary Read gléasta mar a bheadh fear agus d'oibrigh sí i bpoist éagsúla a bhí eisiach d’fhir ag an am. Saighdiúir a bhí inti ar dtús, ansin bhí sí ina

  • Fodhlaí mara Meiriceánach glic agus sleamhain abea Rachel Wall. Bheadh cuma ar an mbád go raibh damáiste déanta ag na farraigí fiáine dó, damáiste a bhí déanta d'aon turas ag an gcriú. Sheasfadh Rachel ar deic, ag ligean uirthi féin go raibh sí cúthail, ag impí ar na báid a bhí ag dul thar bráid cabhrú léi. Nuair a thagfadh an lucht tarrthála soineanta i ngar, robáladh agus dúnmharaíodh iad.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Gníomhaíocht Mara-aaaar

Dá bhféadá do bhrat foghlaí mara féin a dhearadh, cén chuma bheadh air? Bhunaigh na fodhlaithe mara a gcuid bratacha ar na rudaí a bhí gar dá gcroíthe, cloigeann agus croschnámha, claimhte, ach uaireanta croíthe, toirtísí agus an Mhaighdean Mhara. Dearaigh do cheann féin agus seol isteach chugainn é. Ba bhreá linn é a fheiceáil!

Cuardach Focal

Féach an féidir leat gach focal a aimsiú i gcuardach focal Grace O'Malley.

Nod: Tá na focail ag dul suas agus síos, ó thaobh go taobh, agus go trasnánach freisin

Credit: twinkl.ie

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.