Iarr Ar Dhuine Fásta
Cuir ceist ar do thuismitheoir nó caomhnóir faoi na hamhráin a a chanfadh siad nuair a bhí siad óg agus scríobh síos na focail anseo ionas gur féidir leat iad a fhoghlaim. Seol isteach do amhrán nó taifead chugainn, más mian leat!
Seó Tallainne Traidisiúnta
Ag baint úsáid as an amhrán a thug Múinteoir Ray dúinn dar teideal 'Rattlin' Bog’, cén fáth nach n-eagraíonn tú seó tallainne sa mbaile agus cuir iallach ar do chlann canadh freisin? Seo duit focail an amhráin, agus más mian leat is féidir leat roinnt gluaiseachtaí a chumadh freisin in éineacht leis na focail!
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh.
In that bog there was a tree a rare tree and a rattlin' tree
The tree in the bog and the bog down in the valley oh.Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh.On that tree there was a branch a rare branch, a rattlin' branch
The branch on the tree and the tree in the bog and the bog down in the valley oh.Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley ohOn that branch there was a twig, a rare twig, a rattlin’ twig
The twig on the branch and the branch on the tree and the tree down in the valley oh.Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley ohOn that twig there was a nest, a rare nest, a rattlin’ nest
The nest on the twig and the twig on the branch and the branch on the tree and the tree down in the valley oh.Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Óró the rattlin' bog the bog down in the valley oh
Lean ar aghaidh mar sin, agus cuir ubh isteach sa nead, ansin éan ar an ubh, ansin cleite ar an éan, agus ansin dreancaid ar an gcleite!! Tuigfidh tú nach bhfuil sé chomh héasca a bheith ag cuimhniú ar na rudaí go léir atá sa chrann sa phortach!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Cácaí Prátaí
Sna blianta a caitheadh in Éirinn, bhailigh daoine i dtithe a chéile, ag roinnt amhrán, scéalta agus dánta lena chéile. Ní raibh aon teilifíseáin sna tithe, seo an tsiamsaíocht a bhí acu. Roinnfeadh siad bia lena chéile ag na seisiúin seo, agus bhí an-tóir ar na cácaí prátaí!
Seo oideas do na cácaí prátaí blasta. Bí cinnte cabhair a fháil ó dhuine fásta. Is féidir leat an t-oideas a fháil anseo freisin.
Liosta Comhábhar
- 450g prátaí cócaráilte
- 25g im (leáite)
- 3 spúnóg bhoird phlúir
- 1 taespúnóg shalainn
- 40g im (don fhriochadh)
Conas é a dhéanamh:
-
Déan brúitín de na prátaí go mbíonn siad mín.
-
Cuir an t-im leáite isteach agus measc isteach an plúr, salann agus piobar.
-
Cuir an meascán ar dhromchla plúrtha agus brúigh amach é le do lámha go dtí go bhfuil ciorcal agat atá leathorlach ar tiús.
-
Úsáid gearrthóir taosrán (nó imeall ghloine) agus gearr an meascán i gciorcail, thart ar 3 horlach ar leithead.
-
Iarr ar do thuismitheoir nó caomhnóir an t-im a leá i sáspan mór os cionn teasa mheasartha agus frioch na cácaí prátaí ar feadh 3 nóiméad ar chaon taobh, nó go mbíonn dath órga orthu.
-
Úsáid spadal chun iad a thógáil amach agus triomaigh ar pháipéar cistine iad.
-
Cuir chun boird iad ar phláta te – is gearr a sheasfaidh siad!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.