Luas, Am & Fad
Bhí ceacht Mhúinteora Chlíona inniu ag díriú ar fad, luas agus am.
Fad is ea cé chomh fada a thaistealaíonn rud éigin
Luas is ea cé chomh tapa a thaistealaíonn rud éigin.
Am is ea cé chomh fada a thógann sé ar rud éigin tarlú.
Is féidir leat an triantán fad, luas agus am a úsáid a chabhróidh leat smaoineamh ar na foirmlí atá ag teastáil chun fadhbanna a réiteach.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Tráth na gCeist Zombaí
1) Siúlann zombaí ag luas 2km/san uair. Tá an zombaí 10km ó theach Dave. Cá fhad a thógfaidh sé ar an zombaí Dave a shroichint?
_____________________
2) Ritheann Dave chomh fada le teach a thuismitheoirí ag luas seasta de 15km/san uair. Tógann sé 3 huaire ar Dave an teach a bhaint amach. Cé chomh fada uaidh agus atá teach a thuismitheoirí?
_____________________
3) Léimeann Dave agus a thuismitheoirí isteach sa charr agus tiomáineann siad 150km go dtí an bád farantóireachta. Tógann sé 1.5 uaire orthu an bád farantóireachta a bhaint amach. Cén luas a bhí acu?
______________________
4) Leanann cuid de na zombaithe an bád farantóireachta. Tá siad tapa, is féidir leo 100km a shnámh i 2 uair an chloig. Tá bád farantóíreachta Dave ag taisteal ag 45km/san uair. Cé acu is tapúla? An féidir leis na zombaithe breith ar an mbád farantóireachta?
______________________
Na rudaí beo is tapúla ar domhan
Duine is Tapúla - Tá luas de 44km/san uair bainte amach ag Usain Bolt
Ainmhí is tapúla ar talamh – Tá sé ráite go bhfuil luas de 120km san uair bainte amach ag síotaí
Iasc is tapúla - Tá sé ráite gur féidir leis an mairlín dubh snámh ag luas de 129km/san uair
Éan is tapúla (ag tumadh) – Nuair atá an fabhcún gorm sa tóir ar a chreach dúnann sé a sciatháin agus titeann sé anuas ón spéir i dtum dhíreach mórthaibhseach, agus is féidir leis luas de os cionn 300km/san uair a bhaint amach á dhéanamh seo!!
Ceist amháin eile duit. Má tá síota ag rith ar lánluas de 120km/san uair cé chomh fad a thógfaidh sé uirthi taisteal an 300km idir Baile Átha Cliath agus Trá Lí?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: 1) 5 huaire 2) 45 km 3) 100km/san uair 4) Tá na Zombaithe níos tapúla, ag snámh ag 50km/san uair. Sea, béarfaidh siad ar an mbád farantóireachta. Ceist Síota = 2.5 uair / 2 uair 30 nóim.