skip to main content

Rang 1 & Rang 2 - Corpoideachas

  

Cruacheisteann Coirp

Seo roinnt cruacheisteanna coirp gur féidir leat triail a bhaint astu sa mbaile! 

Ciorcail Craiceáilte

  • Ciorclaigh do cheann i dtreo amháin agus ag an am céanna déan ciorcail le do theanga sa treo eile. Má bhreathnaíonn tú amaideach is amhlaidh is fearr é!
  • Ansin ar aghaidh chuig do lámha.
  • Tarraing ciorcal le lámh amháin (dorn dúnta).
  • Tarraing ciorcal leis an lámh eile, ach leis an gciorcal ag dul malairt threo.
  • Déan iarracht an dá rud a dhéanamh ag an am céanna!

Géaga Luascacha

  • Tosnaigh le do dhá lámh díreach os cionn do cheann.
  • Ciorclaigh chun tosaigh le lámh amháin agus lean ar aghaidh mar sin.
  • Déan iarracht anois an lámh eile a luascadh siar sa treo eile (malairt treo) agus féach an féidir leat do lámha a luascadh siar agus aniar ag an am céanna ach ar malairt treonna.

Bolg Triail

  • Déan iarracht do bholg a chuimilt le bos do láimhe ag dul timpeall agus timpeall, agus ansin cuimil do cheann freisin.
  • An féidir leat é a dhéanamh? Más féidir leat é a dhéanamh, athraigh lámha díreach tar éis duit é dhéanamh ar bhealach amháin, agus féach conas a n-éiríonn leat ag dul sa treo eile. Níl sé chomh héasca sin!

Cos agus Méar Corr  

  • Déan ciorcal ag úsáid do chos agus fad a dhéanann tú e sin, déan iarracht uimhir a 6 a tharraingt le méar ar an lámh céanna le do chos. Mar sin, má tá tú ag déanamh ciorcal le do chos dheas, tarraing an uimhir a 6 le méar ar do lámh dheas.

 Ordóga in Airde

  • Déan comhartha 'ordóga in airde' ar lámh amháin agus dírigh do mhéar ó do lámh eile air.  Déan iarracht ansin lámha a mhalartú go tapa, ag athrú na hordóga in airde agus dírigh do mhéar ar an lámh eile. Féach an féidir leat é a dhéanamh go han-tapa!

 

Cluiche: Seachadadh Deacra (2+ Imreoirí)

  1. Faigh áit atá glan le neart spás gur féidir leat bogadh thart. Déan cinnte nach bhfuil aon rud fíneálta i gcóngar a d'fhéadfaí a leagann.
     
  2. Socraigh líne thosaithe ar thaobh amháin den spás, agus críochlíne ar an taobh eile. Is féidir leat píosa sreangáin a úsáid do na línte, nó aon saghas éadach gur féidir líne dhíreach a dhéanamh as.
     
  3. An aidhm do gach imreoir ná a bheith ag lámhacán ó thús go deireadh, a fhad agus atá rud éigin á iompar ar a ndromanna acu. Níl cead na lámha a úsáid! Déan cinnte nach bhfuil tú ag úsáid aon rud sobhriste! Is féidir leat bréagáin boga a úsáid.
     
  4. Cuir teorainn ama leis, agus féach cé agaibh a fhaigheann an líon is mó rudaí thar an líne taobh istigh den teorainn ama sin, ag déanamh cinnte nach dtiteann siad.
     
  5. Má thiteann rud éigin, caithfidh an t-imreoir dul ar ais go dtí an líne thosaithe arís leis rud céanna agus cailleann siad am.
     
  6. Is féidir an cluiche seo a imirt freisin tríd rudaí a choinneáil cothrom ar do cheann agus ansin déan iarracht siúl ó thús go deireadh, ag déanamh cinnte nach dtiteann an rud ar do cheann go talamh. Bainigí sult as!

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.