Achoimre Ar An gCeacht: Dhá Chluas Capaill
I gceacht an lae inniu, d'inis Múinteoir Clíona scéal dúinn dár teideal 'Dhá Chluas Capaill’ ó leabhar le Mairéad Ní Ghráda. Léigh an scéal arís agus freagair na ceisteanna, ag úsáid do chuid tuairimí agus smaointe féin. Níl aon freagraí cinnte ann.
Fadó fadó in Éirinn, bhí rí ann. Labhraidh Loingseach an t-ainm a bhí air. Bhí dhá chluas capaill aige. Ag an am, bhí gruaig fhada ar na fir go léir mar sin ní raibh a fhios ag aon duine go raibh cluasa capaill ag an rí. Fuair an rí a ghruaig gearrtha uair amháin sa bhliain. Ansin chuirfeadh sé an bearbóir a ghearr a ghruaig chun báis. Bhí a fhios ag gach duine go marófaí an bearbóir mar sin bhí eagla an domhain orthu go nglaofaí orthu chun a ghruaig a ghearradh. Bhí orthu é a chur ar chrainn gach bliain chun an té a ghearrfadh a ghruaig a roghnú.
Bliain amháin, b'e an duine a roghnaíodh ná mac na baintrí a bhí ina gcónaí go háitiúil.
Bhí an baintreach croíbhriste nuair a chuala sí an scéal. Chuaigh sí ar a cuid glúine os comhair an rí agus d’ímpigh sí air gan an t-aon mhac a bhí aici a mharú. Bhí trua ag an rí di. "Ní chuirfidh mé do mhac chun báis" a dúirt sé "an fhad agus a choinníonn sé an rud a fheiceann sé ina rún". Tháinig an mac agus ghearr sé gruaig an rí. Chonaic sé na cluasa capaill ach lig sé air féin nach bhfaca.
Ní raibh an buachaill ábalta stopadh ag smaoineamh ar chluasa an rí. Bhí an rún ag luí go trom air, chomh trom sin gur buaileadh le tinneas tromchúiseach é agus bhí sé ar an dé deiridh. Tháinig draoi chun é a fheiceáil. Bhí a fhios ag an draoi go raibh rún éigin ag luí go trom air. "Éirigh" a dúirt sé leis an mbuachaill," agus téigh síos an bóthar go bhfeiceann tú crosbhóthar. Cas ar dheis agus inis do rún don chéad chrann a fheiceann tú.".
Rinne an buachaill an rud a dúirt an draoi leis a dhéanamh. Chuaigh sé síos an bóthar go dtáinig sé chomh fada le crosbhóthar. D’iontaigh sé ar dheis agus chonaic sé crann ag fás ar thaobh an bhóthair. Crann sailí a bhí ann. Chuir an buachaill a lámh ar an gcrann. "Tá dhá chluas capaill ag Labhraidh Loingseach", a dúirt sé leis an gcrann.
Agus leis sin, tógadh uallach ollmhór óna aigne agus mhothaigh sé i mbláth na sláinte. Go luath ina dhiaidh sin, bhris cláirseoir an rí a chláirseach. Chuaigh sé ar thóir adhmad chun cláirseach nua a dhéanamh. Leag sé an crann sailí céanna ar sceith an buachaill an rún dó. Rinne sé cláirseach as an gcrann.
An oíche sin, bhí féasta mór á óstáil ag an rí. Bhí maithe agus móruaisle na tíre i láthair. Dúirt an rí leis an gcláirseoir amhrán a chasadh ar a chláirseach nua.
Chas an cláirseoir i dtreo an chláirseach. Leag sé a mhéara ar na téada. Leis sin, baineadh croitheadh mór millteach as gach duine a bhí i láthair. Níor tháinig aon amhrán ón gcláirseach ach"Tá dhá chluas capaill ar Labhraidh Loingseach, Tá dhá chluas capaill ar Labhraidh Loingseach."
Chrom an rí a cheann le teann náire agus ní dhearna sé iarracht a chluasa a cheilt ón lá sin amach!
TRÁTH NA gCEIST TAPA: BÍ AG SMAOINEAMH!
1) Conas an gceapann tú gur tharla sé go raibh cluasa capaill ar an rí ar an gcéad dul síos?
2) Cén fáth go raibh an oiread sin náire ar an rí gur mharaigh sé aon duine a chonaic iad?
3) Céard a bheadh déanta agat da mba rud é gur mac na baintrí a bhí ionatsa? An mbeadh gruaig an rí gearrtha agat?
4) Ar choinnigh tú rún riamh, agus conas ar mhothaigh tú mar gheall ar sin?
5) Cén fáth go raibh an rí chomh lasta le náire?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Déan Go Miotasach É: Cláirseach Gaelach
Ag teastáil uait:
- Bosca chairtchlár nó bosca bróg
- Gliú/Téip
- Siosúr
- Rialóir
- Peann Luaidhe
- Bandaí leaisteacha
Conas é a dhéanamh:
Céim 1: Maraon le veidhlín, tá droichead ag teastáil ón gcláirseach banda leaisteach. Beidh bileog láidir chairtchláir ag teastáil uait dó seo. Más bosca bróg atá in úsáid agat, gearr an clár uaidh agus úsáid an chuid seo don droichead.
Step 2: Thart ar orlach isteach ón taobh gearr de chlár an bhosca, úsáid rialóir agus cúl sceana chun an fad a scríobadh agus fill é ionas go mbeidh liopa agat. Déan an rud céanna ar an taobh eile den chlár ionas go mbeidh liopa agat ag an dá cheann. Tá siad seo le gliúáil le taobhanna an bhosca níos déanaí.
Céim 3: Caithfidh an droichead a bheith ar fiar, le go ndéantar fuaimeanna éagsúla, mar sin brú amach na liopaí ar feadh nóiméad agus tarraing líne trasnánach ó chóngarach de lár chinn amháin, i dtreo an ceann ar an taobh eile.
Thosaigh an líne seo againne thart ar 5 orlach isteach ag an mbarr agus trasnánach ansin go dtí spota thart ar 2 orlach níos airde ná an áit a bhéas ciumhais an bhosca. Gearr an líne trasnánach agus is éard a bhéas agat ansin ná liopa atá cosúil le cnocán atá le fána.
Céim 4: Tomhais ar feadh an chiumhais ar fiar den droichead agus marcáil é le cruthanna beaga V a choinneoidh na bandaí leaisteacha nuair atá siad sínte trasna. Braitheann an méid V atá ag teastáil ar leithead do dhroichid agus cé mhéad bandaí leaisteacha atá agat. Coinnigh ar a laghad 2cm óna chéile iad. Gearr amach na cruthanna V.
Céim 5: Gliúáil na liopaí agus gliúáil feadh an bhuin chothrom den droichead (ní an taobh ar fiar atá i gceist), ansin greamaigh leis an taobh fhada den bhosca iad, leis an taobh ar fiar den droichead iompaithe suas, mar a fheictear sna híomhánna. Coinnigh i ngreim iad chun a chinntiú go bhfuil siad greamaithe.
Céim 6: Sín an banda leaisteach timpeall ar an mbosca agus ceangail é leis an eang V. Déan amhlaidh leis na bandaí go dtí go bhfuil banda ar gach V. Ní mór dóibh a bheith teannta chun go ndéanfaidh siad fuaim maith. B'fhéidir go mbeidh ort na bandaí a chomhardú ag cúl an droichid chun na nótaí a theastaíonn uait a fháil. Bain sult as an gceol!
Gníomhfhíric
Léigh na ráitis thíos faoin gcláirseach agus abair linn an bhfuil siad fíor nó bréagach. Freagraí ag bun an leathanaigh
- Tá an chláirseach in úsáid mar shiombail náisiúnta na hÉireann ón tríú haois déag i leith.
- Tá íomhá den chláirseach le fáil ar gach bonn euro Éireannach.
- Stop Guinness ag úsáid an chláirseach ar lógó na comhlachta anuraidh.
- Úsáideann cláirseoirí Gaelacha a ladhracha chun na téada a phiocadh ar an gcláirseach.
- Cláirseoir cáiliúil ab ea Harpsy McHarpface a thaistil ar fud na hÉireann ag bailiú poirt.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ : FÍOR / FÍOR / BRÉAGACH / BRÉAGACH (úsáideann siad a gcuid ingne) / BRÉAGACH