skip to main content

Rang 1 & Rang 2 - Eolaíocht

 

Tráth na gCeist

Inealltóir a thugtar ar an duine a dhearann agus a thógann meaisíní, riomhairí agus foirgnimh de gach cineál. Is breá le hinnealltóirí iniúchadh a dhéanamh faoi conas agus cén fáth go n-oibríonn rudaí. Dearann siad agus tógann siad go leor rudaí éagsúla, bíodh sé ina spásárthach nó cluiche ríomhaire nó fiú meaisín uachtar reoite. Tugtar an Próiseas Deartha Innealtóireachta  ar na céimeanna a úsáideann innealtóirí chun iad a threorú agus iad ag réiteach fadhbanna. 

Seo na céimeanna den phróiseas deartha innealtóireachta ach tá siad in ord atá measctha.  An féidir leat iad a chur san ord ceart ar an léaráid?

Cruthaigh - Déan é agus tástáil é
Fiosraigh - Cén fhadhb atá le réiteach?
Samhlaigh – Smaoinigh ar réiteach
Feabhsaigh – Déan machnamh faoi na rudaí a d'oibrigh agus nár oibrigh. Déan iarracht é a fheabhsú.
Plean – Tarraing é agus déan liosta na n-ábhar

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Gníomhaíocht: Eitleán a Dhearadh

Ar éirigh le do chriospa dul tríd an bpost?  Ar mhaith leat ceacht innealtóireachta eile?  Don cheann seo is innealtóirí aerloingseoireachta a bhéas ionainn; sin iad an daoine a dhearann eitleáin. 

Seo an dearadh bunúsach don eitleán, déanta le píosa páipéir dronuilleogach. 

1) Faigh bileog pháipéir dronuilleogach

2) Fill ina dhá leath é chun filltíní a dhéanamh sa lár agus oscail amach arís é. 

3) Fill na cúinní ar barr anuas go dtí an filltín lár.

4) Fill na ciumhaiseanna barr anuas go dtí an filltin lár. 

5) Fill an t-eitleán ina dhá leath 

6) Chun na sciatháin a dhéanamh, fill an bhileog san áit atá an líne poncanna ar an dá thaobh

7) Oscail amach na sciatháin

8) Anois tá sé in am eitilt!

An Dúshlán: 

Déan iarracht an dearadh bunúsach a fheabhsú chun d'eitleán a chur ag eitilt níos faide agus níos tapúla.  Nó, smaoinigh ar do dhearadh iomlán difriúil féin.

Úsáid an próiseas deartha innealtóireachta chun cabhrú leat d’eitleán a dhearadh agus a thógáil. 

Tástalacha éagsúla gur féidir a dhéanamh: 

Úsáid cineálacha éagsúla páipéir. 

Déan eitleáin i dtomhais éagsúla le píosaí beaga agus móra páipéir. An bhfuil an réimse agus luas atá ag do eitleán ag braith ar ché chomh mór nó beag agus atá sé? 

An féidir le do eitleán roinnt bonn éadroma a thógáil ar bord?   Céard é an áit is fearr ar an eitleán gur chóir na boinn a ghreamú?  Cé mhéad bonn gur féidir le do eitleán a iompar?  

Téigh in iomaíocht le do chlann chun a fháil amach cé agaibh a dhearann an t-eitleán a eitlíonn níos airde agus níos faide ná na cinn eile. Cé agaibh sa teach ar féidir leo eitleán a dhearadh a théann níos faide le bonn ar bord  ná na cinn eile?  

Jócanna

What do you call it when a giraffe swallows a plane?

- A plane in the neck

Why did the plane get sent to his room?

- Bad altitude!

How do rabbits travel?

- By hare–oplane

What flavour crisps do they sell at the airport?

- Plane

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.