Fíricí Fónta Faoin nGrian
Seo roinnt fíricí spéisiúla faoin ngrian!
- Réalt atá sa ghrian atá díreach i lár an ghrianchórais.
- Tógann sé timpeall ocht nóiméad ar sholas taisteal ón ngrian go dtí an domhan.
- Tá croí na gréine thart ar 15 milliún céim Celsius – sin teocht fíor-ard!
- Murach an ghrian ní bheadh beatha ar bith ar an domhan. Is mar gheall ar an ngrian a fhaigheann muid na séasúir, na sruthanna sna haigéin, an aimsir, aeráidí agus go leor rudaí eile.
- Toisc an tionchar atá ag an ngrian ar an domhan, bhreathnaigh cuid mhaith de na cultúir ársa (na hÉigiptigh agus na hAstacaigh, mar shampla) ar an ngrian mar saghas Dia.
- Tarlaíonn urú na gréine nuair atá an ghealach idir an domhan agus an ghrian.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Déan É: Clog Gréine
I gceacht an lae inniu, thaispeáin Múinteoir Clíona duit conas súil a choinneáil ar ghluaiseachtaí na gréine trí chlog gréine a dhéanamh. Seo mar a dhéantar é!
Ag teastáil uait:
- Marla
- Peann Luaidhe
- Cairtchlár
- Gliú
- Rialóir
Conas é a dhéanamh:
Céim 1: Déan nóman don chlog gréine. Chun é seo a dhéanamh, tóg píosa beag marla agus déan bunsraith ciorclach ar nós liathróid. Leacaigh an liathróid cré ag an mbun sa gcaoi is nach mbogann sé ar dhromchla cothrom.
Céim 2: Cuir peann luaidhe díreach i lár báire an liathróid marla agus bíodh sé ag seasamh go díreach. Gearr na ciumhaiseanna den chairtchlár más bosca gránaigh é, ná bíodh na taobhanna ceangailte leis. Ba chóir píosa cairtchlár dronuilleogach cothrom a bheith agat.
Céim 3: Cuir "X" i lár an íochtar sa chairtchlár. Seo an áit a bhéas an nóman lonnaithe.
Céim 4: Ansin, gliúáil an marla/nóman peann luaidhe le híochtar an láir sa chairtchlár san áit atá marcáilte le "X". Má tá gliú te nó gliú fíor láidir agat déan cinnte nach ngreamaíonn tú do mhéara le chéile agus lorg cabhair má theastaíonn sé!
Céim 5: Faigh áit oscailte atá faoi sholas na gréine ar feadh an chuid is mó den lá. Déan cinnte go bhfuil an dromchla chomh cothrom agus réidh agus is féidir. Níor chóir go mbeadh an clog gréine ar dhromchla atá le fána nó ar claonadh. Ailínigh an clog gréine ionas go mbeidh an chéad scáth á chaitheamh ar thaobh na láimhe clé den chairtchlár.
Céim 6: Chun pointe an chéad-uaire a mharcáil ar an gclog gréine, leag rialóir ar bharr an scátha agus úsáid marcóir chun an scáth atá déanta ag an nóman a rianaigh. Déan cinnte an t-am comhghaolach a scríobh ar bharr an marc/líne. Déan é seo arís gach uair an chloig.
Nod: Úsáid an clog céanna do gach am a thaifeadtar ionas go mbeidh an clog gréine seasmhach.
Ba chóir go mbeadh an t-achar idir gach uair ama ar an gclog gréine mórán mar a chéile ag an mbun in aice leis an nóman. Nuair atá an clog gréine curtha i gcrích, ba chóir go mbeadh an chosúlacht air go bhfuil sé roinnte ina bpíosaí atá ar choimhéid ón nóman amach
Greann Na Gréine!
Seo roinnt jócanna chun meangadh a chur ar d'aghaidh.
Why did the sun go to school? To get brighter!
What is the Sun's favourite chocolate bar? A Milky Way
"Dad, can you tell me what a solar eclipse is?" No sun.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.