Tráth na gCeist Dúchais
1) Céard atá le tuiscint ón téarma 'pobal dúchais'?
(a) An chéad dream a chur fúthu in áit éigin.
(b) Grúpa daoine atá an-éirimiúil.
(c) Taiscéalaithe a chur fúthu i dtíortha eile.
(d) Daoine a gcónaíonn i bpoll mór atá tochailte acu.
2) An féidir leat ceann de na treibheanna de chuid Bhundúchasaigh Mheiriceá a luaigh an Múinteoir John a ainmniú?
________________________________________________________________________________
3) Cén taiscéalaí a deirtear a tháinig ar Mheiriceá in 1492?
(a) An Captaen Cook
(b) Marco Polo
(c) Cristóir Columbas
(d) Bear Grylls
4) Ainmnigh ceann de na hiarmhairtí diúltacha a bhí ag na taiscéalaithe ar bhundúchasaigh Mheiriceá?
________________________________________________________________________________
________________________________________________________________________________
5) I 1620, sheol grúpa Sasanach ar a dtugtaí na Pilgrims, go Meiriceá chun tús a chur le ré nua ina saol. Thug an pobal dúchais cabhair dóibh chun barra a fhás agus seilg a dhéanamh ar ainmhithe. Ag deireadh na chéad bhliana, d'ullmhaigh na Pilgrims féasta mór do na bundúchasaigh. Cén t-ainm atá ar an gceiliuradh bhliantúil seo?
(a) Lá na Saoirse
(b) Oíche Chinn Bliana
(c) Mardi Gras
(d) Lá an Altaithe
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Líonta Taibhrimh
Ba iad an Ojibwe, pobal dúchais atá ina gcónaí i Meiriceá agus Ceanada, an chéad dream a rinne an líon taibhrimh. I gcultúr an Ojibwe, creidtear gur consantóirí atá sna damháin alla. De réir an tseanchais bhí damhánbhean a chosain na páistí agus iad ina gcodladh trí líon a dhéanamh os cionn a gcloigne. Bhéarfadh an líon seo ar na droch-bhrionglóidí agus ní ligfí isteach i gcloigne na bpáistí iad a bhí ina gcodladh taobh thíos.
Agus an pobal Ojibwe ag scaipeadh ar fud na tíre, chreideadar nach bhféadfadh an damhánbhean gach páiste a chosaint, agus thosaigh siad ag déanamh líonta taibhrimh ina áit. Mar sin, déanfaimís líon taibhrimh mar a dhéan an Ojibwe chun breith ar na droch-bhrionglóidí, chun a chinntiú go mbíonn brionglóidí deasa agat.
Conas Líon Taibhreamh a Dhéanamh
Ag teastáil uait –
Pláta páipéir, siosúr, ribín/sreangán/olann, gliú, coirníní, cleití, peann luaidhe, téip ghreamaitheach, aon rud eile atá agat chun é a mhaisiú.
Modh:
- Gearr amach an chuid lárnach den phláta.
- Péinteáil, dathaigh nó clúdaigh é le holann daite mar a rinne an Múinteoir John.
- Cuir ocht bpoll, le spásáil rialta eatarthu timpeall an chiorcal ar an taobh istigh den fháinne agus cuir 3 pholl eile ar an taobh amuigh do na sreangáin a choinníonn na cleití
- Gearr píosa de ribín agus snáithigh an barr tríd an bpláta agus ceangail é nó téipeáil ar chúl é chun é a dhaingniú.
- Snáithigh an ribín thart ar an bhfáinne go dtí go bhfuil gach poll líonta. Cuir coirníní ar an ribín ó am go chéile má tá siad agat.
- Gearr trí phíosa de ribín nó olann, bíodh píosa amháin níos faide ná a chéile, agus ceangail leis an 3 pholl iad atá ar bun an líon taibhrimh.
- Cuir coirníní ar an olann agus ceangail é ar bun agus barr ionas nach dtiteann siad amach.
- Cuir gliú ar an gcoirnín deiridh agus greamaigh cleite leis.
- Maisigh é le pé rud atá agat m.sh gealra, greamáin, pom poms srl. Muna bhfuil an fáinne go hiomlán clúdaithe le holann is féidir leat roinnt focail codlatacha a scríobh timpeall ar na taobhanna m.sh Codladh sámh, Zzzz, tuirseach, néal, siesta, codladh trom.
- Cuir lúb de ribín nó olann ar bharr do líon taibhrimh ionas gur féidir leat é a chrochadh suas
Codladh Sámh!
…agus chomh luath agus a dhúisíonn tú, cén fáth nach scríobhann tú do bhrionglóidí síos i nDialann Brionglóide. D'fhéadfadh sé a bheith thar a bheith suimiúil é a léamh amach anseo. Is féidir inspioráid a fháil ó bhrionglóidí chun scéalta aisteacha iontacha a scríobh. Coinnigh peann agus leabhar nótaí le taobh do leaba mar go ndéanann muid dearmad ar na mionsonraí atá sna brionglóidí go luath i ndiaidh dúinn éirí.
Cuir ar an eolas muid más rud é go raibh brionglóidí greannmhara agat le déanaí.
Jócanna
Why did the boy put a sweet under his pillow?
- So he would have sweet dreams.
What do you call a sleepy woodcutter?
- A slumberjack
Where does a secret spy sleep?
- Undercover
What does a scuba diver wear to bed?
- A snore-kel!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: 1. = A. 2. Cherokee, Apache, Navaho, Ojibwe Tribes. 3. = C. 4. The explorers brought new diseases to America that killed a lot of the indigenous people. The explorers mistreated the indigenous people and disrespected their traditions and way of life. 5. =D.