skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Tíreolaíocht – Ithir agus Flóra

Ithir

Inniu leis an Múinteoir Clíona d'fhoghlaim muid faoi 4 cineálacha éagsúla ithreach.  

An féidir leat an cineál ithir a mheaitseáil leis an gcur síos? 

Flóra 

Tá a fhios againn anois nach don tósta amháin atá Flóra. Tugtar flóra ar na plandaí, crainn, fungais agus baictéir go léir atá i gceantar.

Má bhíonn tú amuigh ag siúl, nó ag ligean do scíth sa ghairdín thar an deireadh seachtaine, breathnaigh timpeall ar na cineálacha éagsúla flóra atá thart ort. Tóg pictiúir, sceitsí agus cuimilteáin duilleoige de na rudaí a fheiceann tú agus cuir isteach i leabhar gearrthóg iad a choinníonn cuntas den flóra áitiúil.

Breac síos aon fíricí atá ar eolas agat, nó gur féidir leat a fháil amach, faoin bplanda. Tá an suíomh gréasáin www.irishwidflowers.ie go maith chun cabhrú leat bláthanna nach bhfuil ar eolas agat a aithint.  

Tábhachtach - Ná pioc bláthanna ach amháin nuair atá siad fairsing m.sh nóiníní, bláth, caisearbháin, creamh. Fág dóthain bláthanna ionas gur féidir le daoine eile sult a bhaint astu. Má tá tú ag piocadh rud éigin sa ghairdín iarr cead ar dtús.

Is féidir leat aon rud a bhailíonn tú a fháisceadh agus a thriomú ionas nach mbeidh siad feoite, agus is féidir iad a ghreamú isteach go héasca i do leabhar gearrthóg. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Ag fáisceadh leat…

How to Press Flowers, Leaves and Grasses

1) Bí cinnte go bhfuil na bláthanna an-úr agus an-tirim. Má fháisceann tú bláth atá fliuch seans gur gearr go mbeidh sé faoi choincleach. 

2) Cuir do bhláth i rud éígin atá suaiteach, cosúil le scagaire caife, nó oibreoidh ciarsúr freisin.

3) Cuir do bhláth clúdaithe isteach i leabhar trom. 

4) Dún an leabhar agus cuir in áit éigin é atá te cosúil leis an gcófra aerála. Cuir roinnt rudaí troma ar a bharr. Fan seachtain nó dhó go dtí go bhfuil do bhláth go hiomlán fáiscthe agus triomaithe agus greamaigh go cúramach i do leabhar gearrthóg é. Úsáid plaisteach ghreamaitheach nó scannán cumhdaithe chun é a chosaint. 

Ag Tóraíocht Bia 

 An bhfuil a fhios agat gur féidir linn go leor plandaí, a cheapann muid gur fiailí iad, a ithe agus tá siad go maith duit freisin?  I ndáiríre! Is féidir leat anraith fíorbhlasta a dhéanamh as neantóga, nó is féidir sailéad sláintiúil a dhéanamh le duilleoga caisearbháin.    

Planda amháin atá ag fás faoi láthair ar fud na páirceanna agus coillearnach ná creamh. Tá duilleoga leathan sleamhain air le bláthanna bána an-leochaileach.  Chun a chinntiú gur creamh atá ann, pioc duilleog agus tóg boladh uaidh, agus beidh a fhios agat láithreach. 

 

Nuair atá sé nite go hiomlán, is féidir na duilleoga a úsáid le peisteo fíorbhlasta a dhéanamh gur féidir a chur ar do phasta (oideas thíos) nó measc le him é chun arán gairleoige a dhéanamh.  

Nuair a théann tú amach ag tóraíocht creamha pioc na duilleoga is gaire den talamh. Ná pioc an iomarca in aon áit amháin, téigh chuig áit eile má theastaíonn níos mó uait. Bíodh meas agat ar an bplanda, soláthrai eile agus daoine a dtaitníonn an boladh agus áilleacht na bplandaí leo.  

Tábhachtach – Fan amach ó na cosáin agus tú ag tóraíocht, agus téigh chuig áiteanna nach mbíonn madraí ag siúl sa gcaoi is nach bhfaigheann tú plandaí lán le mún an mhadra! 

Freisin, tá sé rí-thábhachtach athsheiceáil a dhéanamh go bhfuil na duilleoga agus plandaí cuí á bpiocadh agat, tóg boladh uathu i gcónaí, níl tú ag iarraidh aon rud nimhneach a phiocadh.  Tá sé úsáideach freisin pictiúr den phlanda a thabhairt leat agus is féidir leat é a chur i gcomparáid leis an rud atá á bpiocadh agat. 

Peisteo Creamha!!

Liosta Comhábhar:

  • 150g duilleoga creamha
  • 50g parmasán grátáilte go mín
  • ½ sú & craiceann liomóide
  • 1 ionga gairleoige mionghearrtha
  • 50g cnónna péine tóstáilte (chun iad a thóstáil cuir i bhfriochtán tirim (gan ola) ar theas measartha agus croith thart iad anois agus arís go mbíonn siad beagán donnaithe)
  • 150ml ola oróige úríon 
  • Salann & Piobar Dubh

Modh:  

Nigh, síothlaigh agus gearr go garbh na duilleoga leamha

Cuir na duilleoga leamha, parmasán, craiceann liomóide agus cnónna péine isteach i gcumascóir agus déan iad a mheascadh go ndéantar taos.  

Agus an cumascóir fós ar siúl (bí cúramach), cuir isteach an chuid is mó den ola, coinnigh beagán siar go dtí an deireadh. Cuir isteach an sú liomóide agus salann agus piobar dubh. Déan é a bhlaiseadh, agus féach an dteastaíonn níos mó salainn agus piobair, agus tá an peisteo réídh! 

Muna bhfuil tú ag úsáid an pheisteo láithreach, ba chóir duit é a stóráil i gcrúiscín glan. Doirt an chuid eile den ola ar a bharr, rud a chabhraíonn é a choinneáil úr agus cuir isteach sa chuisneoir é. Ba chóir go mbeadh sé ceart go leor le hithe ar feadh coicíse nó mar sin, nó cúpla mí má chuireann tú sa reoiteoir é.  

Is féidir an pasta is fearr leat a chur leis nó leath go tiubh ar arán crústa é!

  

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí don Tráth na gCeist:  1+b, 2+c, 3+d, 4+a