skip to main content

Rang 3 & Rang 4: Mata

Uillinneacha Inotacha

Úsáidtear uillinneacha go minic ins an saol laethúil. Mar shampla, nuair atá siúinéir ag déanamh troscáin baineann sé úsáid as uillinneacha, gearrtar sliseanna píotsa ag úsáid uillinneacha, agus tá go leor uillinneacha in ár dtithe, cosúil le doirse agus leabhair a oscailt nó a dhúnadh, nó leis na lámha ar an gclog.

Inniu leis an Múinteoir John d'fhoghlaim muid faoi thrí chineálacha éagsúla uillinneacha. Seo hiad:

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Tráth na gCeist: Dronuillinn? Géaruillinn? Maoluillinn?

Féách an féidir leat a dhéanamh amach an dron-, géar- nó maol- uillinneacha atá ag na hearraí thíos. Freagraí ag bun an leathanaigh. 

1)  Cén cineál uillinn atá fághta nuair a thógtar slisne amach?

2)  Cén cineál uillinn atá ag gach cúinne den scathán?

3)  Cén cineál uillinn a dhéanann an dá taobh den phobal ag an mbarr?  Cén cineál uillinn a dhéanann na taobhanna leis an talamh?

4)  Cén cineál uillinn a dhéanann na cosa le barr an bhoird?

5)  Cén cineál uillinn atá i mbéal Pac-Man sula n-itheann sé an taibhse?

Gníomhaíocht Uillinneacha

Faigh 5 rud i do theach a bhfuil uillinn acu, agus tarraing an rud sin agus ainmnigh an cineál uillinn. Is féidir rudaí a úsáid a bhfuil dronuillinn, géaruillinn nó maoluillinn acu.  

Ná déan dearmad do phictiúir a sheoladh isteach chugainn agus físeáin le do chuid uillinneacha chuig suíomh gréasáin an RTÉ Homeschool Hub!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí: 1) Géaruillinn 2) Dronuillinn 3) Maoluillinn agus Géaruillinn 4) Dronuillinn 5) Géaruillinn