skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Ealaín

Eolas Spéisiúil: Mary Robinson

I gceacht an lae inniu, thaispeáin Múinteoir Clíona íomhá daoibh d'iarUachtarán na hÉireann Mary Robinson, le taispeáint daoibh conas pictiúr a tharraingt de réir scála.  Seo roinnt fíricí suimiúla fúithi.

1) Ba í Mary Robinson an chéad bhean Éireannach a bhí ina hUachtarán sa tír, ag leagann an bhunchloch do Mary McAleese a tháinig i gcomharbacht uirthi. Bhí Robinson ina hUachtarán idir 1990 agus 1997.

2) Agus í ag fás aníos, theastaigh ó Mary a bheith ina file agus ansin theastaigh uaithi dul sna mná rialta. Bheadh cúrsa na staire an-difriúil dá mba rud é go ndeachaigh sí le ceachtar den dá ghairm sin!

3) Sula ndeachaigh sí go Meiriceá ag déanamh staidéir ar an dlí i Harvard, ba chailín cúthail a bhí inti, ach bhrúigh sí a cúthaileacht fúithi tríd a bheith sáite i ndíospóireachtaí, agus chuir sí oiliúint uirthi féin gan a bheith ina staic agus í ag labhairt go poiblí.

4) Ba í Robinson an chéad Uachtarán Éireannach a thug cuairt ar an Ríocht Aontaithe chun bualadh leis an mBanríon Eilís II ag Pálás Buckingham.

5) Bhunaigh sí an Mary Robinson Foundation for Climate Justice agus bhronn Barack Obama Bonn na Saoirse uirthi.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Déan É: Lorgán Radhairc

Thaispeáin Múinteoir Clíona dúinn conas lorgán radhairc a dhéanamh, ag baint úsáid as íomhá de Mary Robinson a thaitníonn go mór léi. Seo mar a dhéanann tú é!

Ag teastáil uait:

  • Pictiúr a thaitníonn go mór leat. Is féidir leat rud éigin atá priontáilte, grianghraf nó pictiúr ón leabhar is ansa leat a úsáid. 
  • Cárta (tá bosca gránaigh úsáideach!)
  • Stáplóir
  • Peann Luaidhe
  • Tack Ghreamaitheach

Céim 1: Gearr amach 4 stiallacha cárta, thart ar 1 orlach ar tiús.

Céim 2: Stápláil dhá phíosa cárta le chéile i gcruth 'L' agus déan amhlaidh leis an dá phíosa eile.

Céím 3: Coinnigh le chéile iad mar a fheiceann tú san íomhá, chun do lorgán radhairc a dhéanamh.  Tá an lorgán radhairc seo inathraithe tríd na píosaí de chárta a bhogadh níos gaire nó níos faide óna chéile, ionas gur féidir leat limistéar ar mhéid ar leith a roghnú ar phictiúr.

Céim 4: Cuir an lorgán radhairc ar chuid den íomhá, is ea is fearr é má bhíonn neart mionsonraí san íomhá! Chun a chinntiú nach mbogann sé ón íomhá úsáid tack ghreamaitheach chun é a ghreamú!  

Céim 5: Tarraing an íomhá de réir scála! Déanann tú é seo tríd limistéar an lorgán radhairc a thomhas ag úsáid peann luaidhe mar thomhaisteoir, ansin déan meastachán ar cé chomh mór agus a chaithfí é a mhéadú chun go mbeadh sé ar mhéid an leathanach! Déanann tú amhlaidh leis na sonraí éagsúla. Mar shampla, más féidir fad an lorgán radhairc a chur ins an leathanach go bhfuil said ag tarraingt air 5 huaire, déanann tú é a mhéadú faoi 5!

Gníomhaíocht: Bí Cruthaitheach

Cruthaigh pictiúr de réalt nó duine a bhfuil meas agat orthu, ins an stíl céanna a d'úsáid Múinteoir Clíona do phortráid Mary Robinson. Ná déan dearmad neart dathanna a úsáid agus seol isteach chugainn é más mian libh!

Illustration by Lauren O'Neill from Blazing A Trail by Sarah Webb & Lauren O’Neill

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.