Suimiú Spéisiúil
LÚBRA 1: An féidir leat do bhealach a dhéanamh tríd an lúbra chun cabhrú leis an iora dul chomh fada leis an gcnó? An riail atá ann ná a 2 a shuimiú leis an uimhir gach uair, agus nuair a shuimíonn tú a 2 le huimhir, bogann tú chuig an gcéad cheann eile, á ndathú isteach iad de réir mar atá tú ag dul ar aghaidh. Tá na céad cinn déanta duit, ionas go dtuigfidh tú conas a oibríonn sé!
LÚBRA 2: An féidir leat do bhealach a dhéanamh tríd an lúbra chun cabhrú leis an turtar dul chomh fada lena chara crosóg mhara? An riail atá ann an babhta seo ná a 3 a shuimiú le gach uimhir ansin bog ar aghaidh chuig an chéad uimhir eile, á ndathú isteach de réir mar atá tú ag dul ar aghaidh. Tá na céad chinn déanta, ionas go dtuigfidh tú conas a oibríonn sé!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Déan É: Meaisín Feidhmeanna
Mar a dúirt Múinteoir Ray i gceacht an lae inniu, is féidir leat do mheaisín feidhmeanna féin a dhéanamh.
Níl ag teastáil ach bosca bróige agus is féidir leat é a dhearadh in aon slí gur mian leat, a fhad agus atá taobh amháin marcáilte IN (le bearna fágtha gur féidir earraí a chur isteach ann) agus taobh amháin marcáilte OUT (le bearna ann gur féidir leat earraí a thógáil amach as). Cuimhnigh: IONCHUR –> RIAIL –> ASCHUR.
Seo ceann simplí a rinne muid sa mbaile:
Cén fáth nach mbaineann tú triail as do Mheaisín Feidhmeanna le duine éigin eile freisin? Ná scríobh síos an riail ar an gcuid tosaigh den mheaisín agus féach an féidir leo do RIAIL A THOMAS!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.