skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Ceol

Achoimre Ar An gCeacht

Caithfimid súil siar ar na focail Francacha a mhúin an Múinteoir Clíona dúinn, do na baill choirp ar an bhfuiseog atá luaite san amhrán 'Alouette'.

TETE – CEANN

BEC – GOB

COU – MUINEÁL

AILES – SCIATHÁIN

DOS – DROIM

PATTES – COSA

QUEUE - EIREABALL

Gmíomhaíocht

Féach arís ar an gceacht a rinne sibh le Múinteoir Clíona, má tá meabhrú tapa ag teastáil uait don fhonn.  Seo na liricí den chéad dhá véarsa, agus bígí ag canadh:

Alouette, gentille alouette
Alouette, je te plumerai.
Je te plumerai la tête
Je te plumerai la tête
Et la tête! Et la tête!
Alouette, Alouette!
Oh, oh, oh, oh.

Alouette, gentille alouette
Alouette, je te plumerai.
Je te plumerai la bec
Je te plumerai la bec
Et la bec! Et la bec!
Et la tête! Et la tête!
Alouette, Alouette!
Oh, oh, oh, oh.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Oideas: Tósta Francach

Nuair a aistríonn muid an t-amhrán 'Alouette'  tuigeann muid gur amhrán faoi a bheith ag plucáil cleití na fuiseoige atá ann!  Níl cuma ró-chineálta ar seo, ach tá an t-amhrán seo an-sean agus ag an am sin bhíodh na Francaigh ag breith ar fhuiseog don dinnéar, agus i ndiaidh dóibh é a phlucáil dhéanfaí é a chócaráil. Tá seo cosúil leis an gcaoi go bplucáiltear turcaithe faoi Nollaig roimh an gcócaireacht!

Seo oideas Francach atá tapa agus éasca le déanamh agus níl aon gá duit a bheith ag plucáil aon saghas fuiseoig - tósta Francach!  Tá an t-oideas seo (agus níos mó) le fáil anseo freisin: 

Déan cinnte 'Alouette' a chanadh agus tú á dhéanamh!

  

Liosta Comhábhar:

  • 4 sliseanna tiubha d'arán bán (nó arán caiscín, más mian leat)
  • 2 ubh mhór
  • 2 spúnóg bhoird bainne
  • Gráinne salainn
  • Dóthain ola phlandáil le dromchla an fhriochtáin a chlúdach

Modh:

  • Buail na huibheacha leis an mbainne agus an salann.
     
  • Cuir na sliseanna aráin i mias leathan agus doirt isteach leath de mheascán na n-uibheacha, á scaipeadh chun an dromchla ar fad a chlúdach.
     
  • Iontaigh an t-arán agus doirt an chuid eile de mheascán na n-uibheacha.
     
  • Fág ar maos é ar feadh cúpla nóimead fad is go bhfuil ola á théamh agat sa fhriochtán ar theas íseal.  Déan cinnte go gcabhraíonn duine éigin leat, muna bhfuil tú cleachtach ar sorn a úsáid!
     
  • Frioch an t-arán atá ar maos san ubh go dtí go bhfuil sé donnaithe go héadrom ar chaon taobh, agus bí cúramach mar beidh an friochtán te.
     
  • Cuir ar an mbord é láithreach.

Nod:  Cuir beagán cainéil agus/nó úscra fanaile isteach i meascán na n-uibheacha, más mian leat é a bheith níos milse.  Do rogha níos sláintiúla, tá an tósta Francach go han-deas le caora measctha!

  

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.