skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Corpoideachas

 

Cleas na Bacóide

Ar thaitin ceacht corpoideachas Ray leat? Anois is féidir linn béim a chur ar ár gcothromaíocht leis na cluichí seo:

Cleas na Bacóide  

Conas é a imirt

  • Níl aon srian le líon na n-imreoirí don chluiche seo. Níl ag teastáil ach píosa cailce agus cloch le caitheamh.
     
  • Tarraing léaráid chleas na bacóide cosúil leis an gceann sa phictiúr. 
     
  • Chun tús a chur leis an gcluiche, caith cloch isteach i gcearnóg 1. Déan preab leathchoise thar cearnóg 1 le do dhá chos ag tuirlingt i gcearnóga 2 agus 3. 
     
  • Má theipeann ort teacht ar an uimhir go raibh tú ag díriú air, tabhair an chloch chuig an chéad imreoir eile.
     
  • Déan preab aonchoise i gcearnóga aonair agus déan preab ar dhá chos sna cearnóga taobh le taobh. Déan do bhealach síos an cúrsa go dtí uimhir a 10, cas timpeall (fós ag preabadh) agus déan do bhealach ar ais go dtí an tús. 
     
  • Ar do bhealach ar ais go dtí an tús, stad ag an gcearnóg roimh an gceann go bhfuil an chloch inti m.sh má tá do chloch i gcearnóg 1, stad ar chearnóg 2. Crom síos agus pioc suas an chloch gan do chos a leagadh ar an talamh. 
     
  • Má bhaintear ó chothrom thú, nó má sheasann tú ar líne, cailleann tú do sheal.
     
  • Má éiríonn leat do bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an tús gan teip, tugtar an chloch don chéad imreoir eile dá seal. Ar do chéad sheal eile díríonn tú ar an gcéad uimhir eile chun tosaigh, agus ar aghaidh mar sin, go dtí go shroicheann tú uimhir a 10. 
     
  • Nó déan dearmad ar na rialacha agus bígí ag preabadh ar nós an diabhail!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Rás Balún Uisce agus Spúnóg

Seo cluiche eile atá go hiontach don chothromaíocht agus an comhordú láimhe is súl.  

Ag teastáil uait: Spúnóg agus balúin uisce. Muna bhfuil balúin uisce agat is féidir leat uibheacha a úsáid (iarr cead; bíodh siad cruabhruite nó beidh smeadar i ngach áit) nó tá fataí nó liathróidí ghailf níos fearr má tá tú ag spraoi laisitigh.  

Conas dul ag rásaíocht:

  • Cuir balún ar an spúnóg agus ansin cuir do lámh atá saor ar chúl do dhroma. Níl cead breith ar an mbalún ar an spúnóg!

  • Má thiteann agus má phléascann an balún tá tú amuigh as an rás.

  • Má thiteann an balún ach muna bpléascann sé, tá cead agat é a phiocadh suas agus dul ar ais go dtí an tús agus tosnú arís. 

  • Cuir bacainní sa mbealach go gcaithfidh sibh a shárú chun go mbeadh an rás níos deacra agus níos suimiúla. 

  • Is féidir dúshlán aonaraigh a dhéanamh as an gcluiche freisin seachas rás. Úsáid stopuaireadóir chun an t-am is tapúla gur féidir leat dul timpeall ar an gcúrsa a mheas. 

Riddles

What is harder to catch the faster you run?

What runs around a pitch but never moves?

Two soccer teams play a friendly game against each other. The home team wins, but not a single boy has scored a goal. How can this be?

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Answers: Riddles – Your breath, The Fence, they were girls that scored.