Fíor Nó Bréagach: Na Normannaigh
D'fhoghlaim muid go leor inniu faoi na Normannaigh sa rang leis an Múinteoir Clíona. Féach ar na habairtí seo agus abair linn an bhfuil siad fíor nó bréagach.
1) Shíolraigh na Normannaigh ó na Lochlannaigh agus ba laochra fíochmhara iad!
2) Bhí Francach i gceannas orthu darb ainm Norman agus sin an fáth gur tugadh na Normannaigh orthu.
3) I 1169, thug Rí Chúige Laighean, Diarmait Mac Murchada, cuireadh do na Normannaigh teacht go hÉireann.
4) Tugadh an leasainm 'Strongbow' ar Richard De Clare.
5) Bhí deartháir ag Strongbow darb ainm ‘Weakarrow’.
6) B’iad na Normannaigh a thug an Béarla go hÉirinn.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Déan É: Clogad Normannach
Seo an bealach chun Clogad Normannach a dhéanamh, díreach mar a rinne Clíona i gceacht an lae inniu.
Ag teastáil uait:
- Píosa sreangáin
- Balún
- Bosca gránaigh
- Siosúr
- Téip ghreamaitheach
- Gliú Páipéir Maché (féach ar na treoracha thíos do chonas é a dhéanamh, muna bhfuil gliú PVA agat)
- Scuaba péinte
- Péint (pé dath is mian leat)
- Stiallacha de shean pháipéar nuachta
- Scragall Stáin
- Stáplóir
Céim 1: Tomhais leithead do chinn ag úsáid píosa sreangáin, ionas go mbeidh a fhios agat tomhas do chlogaid.
Céim 2: Séid suas balún, a fhad agus atá píosa sreangáin timpeall air agus nuair atá an tomhas ceart agat is féidir leat stopadh á líonadh le haer.
Céim 3: Gearr amach an píosa tosaigh nó cúl den bhosca gránaigh.
Céim 4: Greamaigh píosa téip feadh na taoibhe fhada den chairtchlár.
Céim 5: Ceangail an taobh den chairtchlár leis an téip, go réidh, timpeall ar an mbalún. Seo an chuid a bhéas ar chúl do chlogaid.
Céim 6: Clúdaigh an balún le gliú páipéir maché. Is féidir leat meascán de ghliú PVA agus uisce a úsáid don ghliú, nó muna bhfuil gliú PVA agat, déan cupán amháin plúr neamhéiritheach a mheascadh le 2 chupán uisce agus corraigh é go mbíonn sé mín.
Úsáid micreathonnán chun an taos a dhéanamh níos tiubhe, más gá (thart ar 30 soicind ag an am, ansin corraigh é gach uair, go dtí go mbíonn sé tiubhaithe agus na cnapáin imithe). Más gá, bí cinnte cabhair a lorg ó dhuine fásta agus tú ag úsáid an micreathonnáin!
Céim 7: Greamaigh na stiallacha páipéar ar an mbalún, ag úsáid do thaos gliú. Clúdaigh an cairtchlár le gliú freisin.
Céim 8: Cuir taos ar na stiallacha páipéir nuair atá siad greamaithe ar an mbalún.
Céim 9: Fan go dtriomaíonn an páipéar maché agus ansin cuir péint air chomh maith leis an gcairtchlár, agus ba chóir go mbeadh do chlogad péinteáilte ina iomláine agat. Nuair atá sé sin uilig tirim, pléasc an balún agus bain amach as an bpáipéar maché chruaite é.
Céim 10: Leag stiall bheag chairtchlár ar rúinne scragall stáin agus gearr timpeall air, ag fágáil dóthain scragall stáin chun an stiall a chlúdach.
Céim 11: Stápláil an stiall den scragall stáin chun tosaigh ar an gclogad i lár báire.
Voilà (mar a dhéarfadh na Normannaigh)! Tá tú réidh le dul i mbun chogaidh cosúil le gaiscíoch Normannach.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí Fíor Nó Bréagach: 1) Fíor 2) Bréagach 3) Fíor 4) Fíor 5) Bréagach 6) Fíor