Cairteacha Scóir
Tá cairt scóir an-úsáideach le sonraí a thaifead go simplí. Is éard atá i gceist ná cairt a líonadh le grúpaí línte a léiríonn gach píosa faisnéise a thugann tú faoi deara. Tá sé níos furasta cairt scóir a úsáid i gcomparáid le huimhreacha nó focail a bhreacadh síos.
Seo mar is féidir leat na sonraí a thaifead go tapa ag úsáid línte in ionad uimhreacha. Tabhair faoi deara go líníonn tú gach cúigiú líne tríd an chéad cheithre líne agus ansin tosaíonn tú le grúpa nua de línte.
Cén t-iomlán atá ag na luachanna thíos?
|| _________
|||| || _________
|||| |||| _________
|||| |||| ||| _________
Anois, déanfaidh muid do chuid scileanna scór a thástáil. Tá tú ag dul ar safari san Afraic. Ceann ar cheann, breac síos líne ar do chairt scóir aon uair go dtagann tú trasna ar ainmhí difriúil. Ansin comhair an t-iomlán le líon na n-ainmhithe eagsúla a chonaic tú ar an safari a fháil.
Scór Safari na nAinmhithe
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Barrachairteacha
Bealach eile le sonraí a thaispeáint ná le barrachairteacha. Rinne an Múinteoir suirbhé le criú an Home School Hub faoi na dathanna is fearr leo. Rinne sé barrachairt leis na sonraí go léir a bhailigh sé.
An dath is mó a bhfuil dúil ag daoine ann? _____________
An dath is lú a bhfuil dúil ag daoine ann? ______________
Cé mhéad duine a dtaitníonn glas leo? ______________
Déan barrachairt leis na sonraí a bhailigh tú ón Chairt Scóir Safari:
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí:
Na Scór: 2, 7, 10, 12.
Scór Safari na nAinmhithe: Leoin 3, Sioráif 7, Hiopó 2, Séabra 10, Eilifint 3.
Barrachairt John: Buí, Glas, 3.