Fíricí faoi bholcáin
Séard is bolcán ann ná oscailt ar dhromchla an domhain a ligeann do mhagma, luaithreamhán agus gáis a bheith ag brúchtadh faoin dromhchla aníos.
Carraig leáite atá sa Mhagma faoi dhromchla screimhe an domhain. Nuair a bhaineann an charraig leáite seo dromchla an domhain amach tugtar laibhe ansin air.
Tá 3 cineálacha éagsúla bolcán ann –
Marbh - Ní raibh sé gníomhach i stair an chine daonna agus ní dócha go mbeidh sé ag brúchtadh.
Suanach – Bhrúcht sé i bhfad ó shin ach é ciúin anois.
Gníomhach – Brúchtann go rialta m.sh Sliabh Etna san Iodáil
Níl aon bolcáin gníomhacha in Éirinn, ach tá cinn againn atá marbh ach a bhí gníomhach os cionn 60 milliún bliain ó shin. B'fhéidir go bhfuil cónaí ort in aice leo – Sliabh gCuillinn i gContae Ard Mhacha, Cnoc Cruacháin i gContae Uíbh Fhailí, Sliabh Mis i gContae Aontroma, Reachrann in Áth Cliath agus Loch na Fuaiche i gContae na Gaillimhe.
Is de thoradh ar ghníomhaíocht bholcánach go bhfuil Clochán an Aifir ann i gContae Aontroma. D’éalaigh magma suas tríd na scoilteanna sa charraig agus nuair a d’fhuaraigh an laibhe, chrap sé agus cruthaíodh colúin heicseagánacha dochreidte.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Déan Lampa Laibhe
Ag teastáil uait – ola chócaireachta, uisce, dathúchán bia, táibléad Alka Seltzer, buidéal plaisteach trédhearcach, crúiscín nó tonnadóir chun leachtanna a chur sa bhuidéal
1) Líon do bhuidéal ¼ lán le huisce
2) Doirt ola go cúramach isteach sa bhuidéal go dtí go bhfuil sé thart ar ¾ lán le leachtanna.
3) Cuir isteach thart ar 10 mbraonta den dathúchán bia. Tabhair faoi deara nach n-athraíonn an dathúchán bia an dath ar an ola agus é ag sileadh síos tríd.
4) Roinn an Alka Seltzer i gceithre chodanna. Cuir píosa amháin isteach sa bhuidéal agus féach céard a tharlaíonn. Nuair atá an boilgearnach stoptha cuir isteach an chéad tháibléad eile.
5) Chun go mbeadh sé cosúil le fíor lampa laibhe, múch na soilse agus is féidir leat tóirse a dhíriú suas trí bhun do bhuidéil.
Cén chúis atá leis an imoibriú boilgearnach?
Imoibríonn an táibléad leis an uisce chun boilgeoga dé-ocsaíd charbóin a dhéanamh. Tá na boilgeoga seo ag iarraidh éalú, agus ceanglaíonn siad iad féin leis na blobanna d'uisce daite agus ansin téann siad go barr an uisce. Nuair a phléascann na boilgeoga dé-oscaíd charbóin téann siad go tonn poill sa mbuideál, agus tosaíonn gach rud arís go dtí go bhfuil an táibléad imithe.
Jócanna
What did you volcano say to the other?
- I lava you.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.