Éadaï Speisialta
Anois agus muid tar éis a bheith ag foghlaim faoi éadaí speisialta le Muinteoir John, is féidir linn cluiche meaitseála a imirt! Féach go cúramach ar na héadaí atá ar gach duine thíos agus tarraing líne ón duine go dtí an jab a mheaitseálann a gcuid éadaí.
Cluiche sa Bhaile
1) Scríobh síos ócáidí difriúla ar stiallacha páipéir, fill iad agus cuir isteach i mbabhla iad.
2) Pioc amach ceann amháin ag an am agus féach an féidir leat na héadaí don ócáid sin a aimsiú timpeall an tí.
3) Bíodh comórtas agaibh chun féachaint cé agaibh a ghléasann níos amaidigh ná aon duine eile agus cén fáth nach seolann sibh chugainn na griangrafanna díot gléasta suas?
Seo roinnt samplaí:
- Cóisir bhréigéide
- Ag dul ar scoil
- Feisteas Tuismitheora/Caomhnóra
- Spóirt
- Ag tosú sa sorcas
- Ag dul go Hogwarts
Litreacha Measctha Suas
An féidir leat na héadaí le litreacha measctha suas a fháil?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ: 1) STOCAÍ 2) GÚNA 3) GEANSAÍ 4) TLÉINE 5) BRÍSTÍ