skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Stair - Clann Lir

 

Clann Lir

 Ar thaitin an scéal leat faoi Chlann Lir? Tarraing pictiúr faoin gcuid den scéal is mó a thaitin leat sa fhráma atá ar mbileog oibre.

Is iad na príomh rudaí a tharla ná –  

  • Fuair bean chéile an Rí Lear bás nuair a bhí a pháistí an-óg.

  • Phós an Rí Lear bean míchineálta darb ainm Aoife a bhí in éad lena cheathrar páistí.

  • Thug Aoife na páistí chuig an loch agus rinne sí ealaí dóibh. Chuir sí faoi gheasa iad ar feadh 900 bliain.  Dúirt Aoife leis an Rí Lear gur bádh na páistí. 

  • Chuaigh an rí chuig an loch. Labhair na páistí leis agus d'inis siad dó cad a bhí déanta ag Aoife gránna. 

  • Bhí an Rí Lear spréachta agus chuir sé an ruaig ar Aoife as a ríocht.

  • Chaith an rí an chuid eile dá shaol ar bhruach an locha ag canadh agus ag léamh dá pháistí. Faoi dheireadh d’éirigh sé sean agus d’éag sé.  

  • Tar éis 900 bliain, chuala na páistí clog an tséipéil ag bualadh, agus bhí tréimhse na mallachta thart, agus bhi ha healaí ina bpáistí arís.

Dealbh Chlann Lir sa Ghairdín Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Fíricí faoi Ealaí

  • Don chuid is mó itheann ealaí plandaí faoi thoinn agus algaí, nó féara atá le fáil ar thalamh tirim. Uaireanta itheann siad amphaibiaigh beaga freisin (torbáin, froganna, niúit), seilidí agus feithidí.  Ná tabhair arán dóibh. 

  • Tugtar gandal ar na healaí fireann agus cráin ar na healaí baineann.

  • Nuair a chasann ealaí lena bpáirtí, is gnách leo fanacht in éineacht le chéile go buan. 

  • Beireann ealaí a gcuid uibheacha ó lár mhí Márta ar aghaidh. Caithfidh an cráin a cuid ama ar fad ag suí ar na huibheacha, is ar éigin go bhfágann sí chun rud éigin a ithe, agus an gandal ag faire amach d'aon chontúirt. Bí ar d’aire an t-am seo sa bhliain, is féidir leis na healaí a bheith an-chosantach agus iad ag neadú agus scaití ionsaíonn siad daoine nó madraí.  

  • Tógann sé idir 35 - 42 lá sula dtarlaíonn an goradh uibheacha.  Mar sin, seans maith go bhfuil na goróga beaga le feicéail thart faoi láthair.  

  • Tugtar éan ealaí ar na healaí óga. Tá cleití clúmhacha liath acu a n-iontaíonn donn agus ansin bán. Is féidir leo snámh agus tá siad ábalta iad féin a chothú ón uair go mbeirtear iad.

  • Tugann an mháthair eala cead dá n-éin óga dul ar foscadh faoina cuid sciathán. 
     
  • Tar éis go n-iontaíonn na healaí óga go bán, cuirfidh an t-athair iallach orthu an baile a fhágáil. Caithfidh na healaí óga a dtuismitheoirí a fhágáil agus dul sa tóir ar áit nua le maireachtáil. Cúpla bliain ina dhiaidh sin beidh siad réidh le páirtí a fháil agus eán ealaí dá gcuid féin a bheith acu.     

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.