Féinphortráid

Chun fe´inphortra´id a dhe´anamh, cosu´il leis an gceann a rinne Mu´inteoir Cli´ona, ni´l ag teasta´il uait ach scatha´n, peann luaidhe, scriosa´n, siosu´r, marco´ir, gliu´ agus pa´ipe´ar daite.

  

Nuair atá tú críochnaithe le do phortráid, gearr amach é. 

Faigh páipéar daite agus scríobh síos na rudaí a fheiceann tú sa scathán, le gach rud ar leith a bhaineann leat san áireamh. Greamaigh an portráid ar a bharr. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Ceacht – Is breá liom mé féin díreach mar atáim

Léigh an scéal thíos agus freagra na ceisteanna ag bun an leathanaigh. 

Scéal Shariqa

Lá amháin d'fhógair an príomhoide go raibh ranganna a cúig agus sé chun ceachtanna snámha a thosnú an mhí dár gcionn. Mhínigh sí go raibh an snámh mar chuid thábhachtach den curaclam chorpoideachais agus go raibh na múinteoirí agus tuismitheoirí nó cúramóirí riméadach go mbeadh 10 gceacht ag gach duine, ceann ar gach Aoine go dtí deireadh an téarma.

 Agus iad ag fágáil an halla, bhí sé ar nós go raibh gach duine i rang Shariqa ag caint ag an am céanna agus iad lán le sceitimíní. 'Go hiontach – sin dhá uair nach mbeidh muid ar scoil gach Aoine!’ ‘Tá mise chun suí sa suíochán tosaigh, taobh thiar den tiománaí.’ Tá snámh agamsa cheana féin, cuirfidh mé geall leat go mbeidh cead agam sa ceann domhain.’ Ní dúirt Shariqa faic. Níor thug aon duine faoi deara í. 

Ar an oíche roimh an gcéad ceacht snámh, sheiceáil máthair Shariqa a cuid obair bhaile mar is gnách agus chonaic sí an nóta sa dialann, ag meabhrú do gach éinne mála a thabhairt leo le tuáille, éadaí snámha agus flip fleapanna. ‘Ó Shariqa, níor mheabhraigh tú dom faoin snámh! Is maith an rud é go bhfaca mé an nóta. Anois cá bhfuil do chulaith snámha? An bhfuil sé in éineacht leis na cultacha snámha eile?’ Ní dúirt Shariqa faic – bhí deora lena súile, ach níor thug a máthair faoi deara, bhí sí róghnóthach ag rith timpeall ag cuardach an mála ina raibh cultacha snámha an teaghlaigh.

Céárd a dhéanfadh sí? Ní fhéadfadh sí dul ag snámh, ar aon bhealach! An téarma seo caite bhí na cailíní eile ag tabhairt ainmneacha urchóideacha uirthi nuair a bhain sí di a geansaí roimh an gcluiche cispheile. 

Níor chuala an múinteoir na focail mar nach raibh siad ráite sách ard, ach chuala Shariqa iad, díreach mar a chuala sí na fonóidí cogarnacha uair amháin nuair a d'oscail sí a bosca lóin.  Rinne siad cinnte é a dhéanamh ar lá go raibh Hannah as láthair toisc go raibh sí ag fáil teanntáín fiacla. Is mór an trua nach raibh sí ann! Bheadh beag is fiú déanta ag Hannah faoi agus chuirfeadh sí Shariqa ag gáire. Bhain Hannah gáire i gcónaí aisti. Ní éísteodh Hannah leo – déarfadh sí nárbh fhiú a bheith ag éisteacht leo.

An lá sin nior ith sí a lón, ní raibh sí ábalta. Bhí cúrsaí níos measa dá bharr – d’iarr duine de na cailíní an raibh sí ag dul ar aiste bia. D’aontaigh na cailíní eile léí le claonadh dá gceann agus níor sheas aon duine an fód léí. 

Céard a dhéarfadh siad dá bhfeicfeadh siad í i gculaith snámha? Bheadh siad ag glaoch ainmneacha gránna uirthi, iad ag rá rudaí atá míchineálta agus coscrach, bhí sí cinnte go mbeadh. Conas a bhféadfadh sí dul ag snámh? 

Bhí Hannah ar an lámh eile ag súil go mór leis, dúirt sí go raibh sí chun bicíní SpongeBob a chaitheamh – níor thuig Shariqa conas go bhféadfadh sí rud mar sin a chaitheamh, ach ba chuma le Hannah céard a dhéarfadh na cailíní – 'Ní bhíonn rudaí gránna le rá ag daoine deasa’ , sin an rud a chreid Hannah. Bheadh sé ráite ag Hannah leis an múinteoir, nó b’fhéidir go mbeadh sé ráite aici le máthair Shariqa. Ach ni raibh Hannah i láthair anois, agus ar aon nós bhí sé ró-dhéanach é a insint dá máthair. An bhféádfadh sí a rá go raibh sí tinn? An gcreidfeadh a máthair í? Bhreathnaigh Shariqa uirthi féin sa scathán – chonaic sí go raibh si mór, ach an raibh sí róthrom? An raibh sí díreach ag breathnú ar na meilleoga, mar ba ghnách léí dár lena máthair? ‘Bí cineálta duit féin, Shariqa. Féach ar do ghruaig álainn. Cén fáth nach bhfeiceann tú do chuid súile gleoite? Tá tú aclaí agus folláin,  níor chóir go mbeadh aon rud ag cur as duit?’ 

Ach céard a tharlódh dá mbeadh a máthair mícheart agus go raibh na cailíní ceart - bhí sí níos mó ná iad, ach arís bhí a máthair agus a hathair mór, an bheirt acu ard, agus an-aclaí. Agus nach raibh a múinteoir ag rá i gcónaí gur chabhraigh a hairde agus déanamh léí a bheith chomh maith ag imirt cispheile? Bhí a deirfiúr óg an-mhaith ag an spórt freisin, agus í  níos airde ná cuid mhaith dá comhscoláirí. An mar a chéile é a bheith mór agus róthrom? An bhfuil aon rud mícheart le bheith mór? Dúirt a máthair i gcónaí go mbeadh sí ceart go leor, fad is go raibh sí aclaí, folláin agus breabhsánta. Ach ní raibh sí ceart go leor. Conas a bhféadfadh sí agus na cailíní sin ag magadh fúithi! Rinne Shariqa suas a hintinn. Chuaigh sí suas staighre, áit a raibh a Máthair ag tógáil tuáille amach as an bprios aerála…

Seo roinnt rudaí gur féidir leat a phlé le do chlann- 

  • Cén fáth nach raibh sí ag iarraidh dul ag snámh? 

  • Cén fáth nár inis sí dá múinteoir nó lena cara é nuair a bhí sí ag mothú brónach toisc gur thug na cailíní eile ainmneacha uirthi?

  • An raibh bru uirthi a bheith díreach cosúil leis na cailíní eile nó cén chaoi a ndeachaigh an bhrú sin i bhfeidhm uirthi? 

  • An gceapann tú go mbeadh Shariqa ag mothú chomh brónach agus imníoch dá mbeadh a cara Hannah ar scoil an lá sin go raibh na cailíní ag magadh fúithi? 

  • Cén chríoch an gceapann tú a bhéas ag an scéal. Céard é an rud is fearr gur chóir do Shariqa a dhéanamh?

We would like to thank the Professional Development Service for Teachers for the use of their teaching and learning resources ( www.pdst.ie )

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.