skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Mata - Dóchúlacht agus Seansúlacht

 

Dóchúlacht

Ciallaíonn dóchúlacht go bhfuil seans níos mó go dtarlóidh rudaí áirithe thar rudaí eile. Caithfidh muid súil siar ar na focail a d'úsáid Múinteoir Ray i rith an cheachta:

IS DÓCHA: Is dócha go bhfuil rud áirithe chun tarlú, mar shampla: Is dócha go mbeidh an bua ag an amhránaí is fearr sa gcomórtas. 

NÍ DÓCHA: Ní dócha go bhfuil rud áirithe chun tarlú, mar shampla: Ní dócha go mbeidh ganntanas páipéar leithris ag na daoine a bhí ag ceannach agus scaoll iontu.

INDÉANTA: Seo rud áirithe a d’fhéadfadh tarlú, mar shampla: Seans go mbeidh sé grianmhar i mí Iúil.

DODHÉANTA: Seo rud áirithe nach féidir leis tarlú, mar shampla: Níl aon bhealach gur féídir le moncaí geansaí a chiontáil do gach éinne.

CINNTE: Rud áirithe atá chun tarlú go cinnte, mar shampla: Mairfidh tú do shaol.

Tráth Na gCeist Tapa: Bain triail as na ceisteanna thíos. 

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Cluiche: Rothlóir Iontach 

Seo cluiche seansúlachta agus dóchúlachta gur féidir leat sult a bhaint as, ag úsáid an rothlóir a thaispeáin Múinteoir Ray duit.  An gcuimhin leat conas an rothlóir a dhéanamh?  Seo meabhrú mear duit:

Céim 1: Tarraing na míreanna éagsúla don rothlóir ar phláta páipéir ag baint úsáid as rialóir. Tarraing iad cosúíl leis na cinn sa mbileog gníomhaíochta thíos, má tá tú chun an cluiche sin a imirt.

Céim 2: Dathaigh na míreanna.

Céim 3:  Cuir fáiscín páipéir i lár do rothlóir agus cuir peann luaidhe tríd an lúb.

Céim 4: Fliceáil an fáiscín páipéir ionas go rothlaíonn sé go dtí go stopann sé ar dhath ar leith.

Cluiche Rothlóir Iontach

1) Ciorclaigh an dath is dócha leat a bhuafaidh: 

     Dearg       Buí       Gorm       Glas

2) Cas an rothlóir 10 n-uaire

3) Gach uair a chasann tú, dathaigh isteach bosca ar an ngraf i gcomhair an dath comhoiriúnach.

4) Stad nuair atá 10 gcasadh faighte agat.

An raibh do thuar i gceart?
Cén fáth ar roghnaigh tú an dath áirithe sin?

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Freagraí -Tráth Na gCeist Tapa1) Ní dóíchí go bpiocfaí:  Liathróid Corcra 2) Is dóichí go bpiocfaí:  Liathróid Dearg