An bhfuil fonn scríbhneoireachta ort? Má tá, tá Máire Treasa ó Fighting Words Chonamara anseo le cabhrú leat!

Míníonn sí anseo céard a theastaíonn le haghaidh scéal a scríobh. B'fhéidir go bhfuil smaointe eile agatsa le cur lena liosta.

Foghlaim conas an Story Starter ar shuíomh greásáin Fighting Words a úsáid. Tá neart smaointe le fáil ansin má tá ionspráid ag teastáil uait!

Is féidir leat leanúint ar aghaidh le scéilín Mháire Treasa nó tuige nach scríobhfá ceann iomlán nua tú féin?! Níl ag teastáil ach do chuid samhlaíochta!

Ba bhreá linn bhur scéalta a léamh. Is féidir iad a sheoladh chugainn ag RTÉ Home School Hub, nó chuig ár gcairde ag Fighting Words. Is fada linn go bhfeicfidh muid iad!