skip to main content

Rang 3 & Rang 4: Ealaín – Marmarú

Marmarú 

Ag teastáil uait: 

  • Gnáth sobal bearrtha (ná úsáid glóthach)
  • Mias nó tráidire tanaí
  • Dathúchán bia
  • Braonaire
  • Maide m.sh. cipín itheacháin nó cipín fiacla
  • Páipéar nó cárta gur féidir a úsáid don phriontáil
  • Píosa cárta gur féidir a úsáid mar scríobaire

Modh: 

1) Spraeáil an sobal bearrtha ar an tréidire

2) Sil dathúchán bia difriúla thart timpeall an sobal bearrtha ar fad. 

3) Déan dearaí casta sa sobal bearrtha ag úsáid do mhaide. 

4) Leag síos do pháipéar ar an sobal bearrtha agus brú síos go réidh air.

5) Scríob an sobal bearrtha ón bpíosa cárta. 

6) Lig cead don sárshaothar triomú. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Páipéar Beartán DIY

Clúdaigh bronntanas le páipéar beartán baile chun go mbeadh sé níos pearsanta.  Oibreoidh an páipéar marmarú a rinne tú go han-mhaith, nó d'fhéadfá modhanna priontála eile a thriail.

Níl ag teastáil uait ach páipéar (daite, bán, donn, cúl sean-pháipéar beartán), péinteanna agus rud éigin chun an priontáil a dhéanamh.  

Is féidir leat aon rud a úsáid chun patrún a dhéanamh -  méara, lámha, cosa, brící, corc, dísle, rolla páipéar leithris, duilleoga, an bun ar bhuidéal plaisteach.

Má tá tú ag smaoineamh priontaí fataí a dhéanamh, déan cinnte go bhfuil duine fásta timpeall chun na fataí a ghearradh sa chruth atá uait, nó is féidir leo súil a choinneáil ort má tá tusa ag gearradh.

Tá gearrthóirí briosca miotail bheaga úsáideach i gcomhair cruthanna na bhfataí freisin. Sáigh isteach sa bhfata iad agus gearr timpeall orthu.  

Seo roinnt samplaí priontála chun inspioráid a thabhairt daoibh déanta le brící, rolla páipéar leithris, fata agus an bun ar bhuidéal plaisteach.

  

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.