Rúnscríbhinn
Anois agus cur amach agat ar rúnscríbhinn na Lochlannach, cén fáth nach gcuireann tú teist ort féin? Féach an féidir leat na focail seo a scríobh ag úsáid rúnscríbhinn na Lochlannach! Tá sampla den aibitir Lochlannach thíos chun cabhrú leat:
FORT: _____________________________________________________________
RUNE: _____________________________________________________________
BATTLE: _____________________________________________________________
WARRIOR: ________________________________________________________
LONGSHIP:_______________________________________________________
Fíricí Spraíúla: Na Lochlannaigh in Éirinn
- Tá cuid de laethanta na seachtaine ainmnithe as Déithe Lochlannacha;
- Bhí aithne ar dhia an fhiach dhubh Odin mar Woden freisin, agus is as sin sa Bhéarla a fhaigheann muid Wednesday (Woden's Day).
- Tá Tuesday agus Friday ainmnithe as Tyr agus Frigg, dia agus bandia na cogaíochta agus pósadh.
- B'e Thor, dia Lochlannach na toirní agus na láidreachta, an dia ab iomráití agus is uaidh a fhaigheann muid Thursday.
- Rinne na Lochlannaigh go leor forbartha ar bhailte in Éirinn ar nós Baile Átha Cliath, Loch Garman, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge.
- Murab ionann is an tuairim choitianta, níor chaith na Lochlannaigh clogad adharcacha. Ba iad na Críostaithe a chum an scéal seo níos déanaí chun íomhá barbartha don Lochlannach a chruthú, le hadharca ar nós an diabhal.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.