Déan É: Crann Altrúchais
Ag teastáil uait:
- Cárta daite
- Peann Luaidhe
- Siosúr
- Gliú
- Scragall Stáin / Péint Mhiotalach / Gnáth Phéint
Modh:
1) Roghnaigh dath dorcha nó suaithinseach don cúlra.
2) Tarraing an imlíne den crann. Bí cinnte neart géaga a tharraingt.
3) Gearr amach an cruth crainn agus greamaigh le gliú ar an gcárta é. D'fhéadfá an crann a phéinteáil díreach ar an gcárta freisin in ionad ceann a dhéanamh as féin. Is fútsa atá sé!
4) Tarraing cruthanna na nduilleoga ar an gcárta agus gearr amach iad. Is féidir na duilleoga a phéinteáil leis an bpéint mhiotalach má tá sé agat, muna bhfuil úsáid scragall stáin. Muna bhfuil cuma miotalach uait, bain úsáid as gnáth-phéint.
5) Anois agus do chrann réidh, níl le déanamh ach é a chur ag bláthú le dea-ghníomhartha! Gach uair a dhéanann tú dea-ghníomh, scríobh sios ar dhuilleog é.
6)Tá beatha daoine á shábháil trí fanacht istigh agus ag déanamh cinnte go bhfuil do lámha nite, agus sin an leagan is áille den altrúchas gur féidir le haon duine againn a dhéanamh!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Gníomhaíocht: 'Iris na dea-Nuachta'
Anois agus do chrann déanta agat, bain triail as do nuachtán ‘Dea-Nuachta’ féin a chruthú, ionas gur féidir leat mothúcháin ‘altrúíocha’ a roinnt le daoine eile. Féach ins na nuachtáin, irisí agus ar líne i gcomhair altanna faoi na rudaí dearfacha agus neamhleithleasach atá déanta ag daoine (nó ainmhithe!) ar son daoine eile le déanaí.
Seo teimpléad de nuachtán chun sampla a thabhairt duit faoi rudaí gur féidir leat a dhearadh agus a chruthú, ansin líon an nuachtán le scéalta agus pictiúir atá aimsithe agat féin. Is féidir leat na scéalta a scríobh agus na híomhánna a tharraingt tú féin, nó greamaigh altanna isteach ann, más féidir leat iad a phriontáil.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.