Aimsir
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Turgnaimh Aimsire – Tornádó i gCrúiscín
Ar chuala tú trácht riamh ar tornádó? Is saghas stoirm atá ann nach dtarlaíonn ró-mhinic in Éirinn. Tá tornádó déanta as gaotha fíor-láidir a rothlaíonn timpeall i scamaill feadánacha ag déanamh léirscrios ar aon rud atá sa mbealach air.
Seo mar a dhéanann tú do tornádó féin –
Ag teastáil uait:
- Crúiscín le claibín
- Uisce
- Taespúnóg leacht níocháin
- Taesoúnóg fínéagair
Modh:
1)Líon an crúiscín beagnach go barr le huisce.
2) Cuir isteach an leacht níocháin agus fínéagair.
3) Cuir an claibín ar an gcrúiscín agus croith é chun na hábhar a mheascadh.
4) Anois úsáid gluaisne chiorclach chun an crúiscín a chroitheadh thart timpeall arís agus arís eile. Agus an t-uisce ag guairneán déantar rud ar a dtugtar cuilithe, atá cosúil le tornádó.
Weather Jokes:
What does the cloud wear under his raincoat?
- Thunderwear!
What do you call a grizzly bear caught in the rain?
- A Drizzly Bear
What did the cloud say to the lightning bolt?
- You're shocking!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagrai´: 1) Grianmhar 2) Scamallach 3) Ba´isteach 4) Toirneach agus Ba´isteach 5) Ba´isteach Throm 6) Sneachta