Spraoi Le Codáin
Anois agus sibh tar éis a fhoghlaim ó mhúinteoir Clíona conas codán a iolrú faoi shlánuimhreacha agus codán a iolrú faoi chodán ag baint úsáid as samplaí ón bhfíorshaol, bainigí triail as na tráth na gceisteanna atá againn – Spraoi le Codáin?
Féach ar na samplaí thíos agus ná déan dearmad rudaí a shimpliú duit féin más gá! [Freagraí ag bun an leathanaigh]
Sampla: Ag iolrú Codán faoi Shlánuimhir
Tá cóisir píosta ar siúl ag Ben. Íosfaidh gach duine ag an gcóisir 3/8 de phíotsa. Má tá seisear ag teacht chuig an gcóisir, cé mheád píotsa atá ag teastáil ó Bhen chun iad a bheathú?
Freagra: 6 × 3/8 = 18/8 =>[Déan uimhir mheasctha dó seo] => 2 2/8 => [Simpligh an codán] => 2 ¼. Tá 2 ¼ píotsa ag teastáil ó Bhen.
Ba chóir dó 3 phíotsa a fháil ionas gur féidir leis féin roinnt a ithe freisin. Murach sin, ní bheadh mórán spraoi aige le linn a chóisir lá breithe féin!
Bain triail astu seo!
1) Chuaigh Louise chuig an Ghaeltacht ag foghlaim Gaeilge ar feadh 5 lá. Mhair gach rang 4/5 de uair gach lá. Cé mhéad uair ar chaith Louise ag foghlaim Gaeilge?
2) Bhácáil Mr. O'Connell 6 phióg dá bhácús. Bhí 4/9 cuid de mhála plúr ag teastáil do gach pióg. Cé mhéad plúr a d’úsáíd sé ar fad?
3) Shnámh Anne Marie 1 1/3 km ar an gCéadaoin, Déardaoin, Aoine, Satharn agus Domhnach. Cé mhéad cilméadar ar shnámh sí ina iomláine?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Sampla: Ag iolrú Codán faoi Chodán
Is péintéir í Joan. I mí Márta d'úsáid sí 4/5 lítear péinte. I mí Aibreáin d’úsáid sí 2/3 den mhéad a d’úsáid sí i mí Márta. Cé mhéad péint a d’úsáid sí i mí Aibreáin?
Freagra: 2/3 x 4/5 = 8/15 lítear.
Anois iad seo!
1) Bhí bosca cairéad ag Mark, agus thug sé 1/2 dá chara James. Thug James 3/4 dá chuid dá chara Emma. Cén codán den mbun-bhosca cairéad a fuair Emma?
2) Tá 7/8 cileagram salainn sa chistin. D'úsáid Michael 2/15 den salann agus é ag ullmhú dinnéar. Cé mhéad salainn a d’úsáid sé?
3) Chaith Lee ¾ dá airgead póca ar ábhair ealaíne. Ón airgead a chaith sé ar ábhair ealaíne, caitheadh 5/6 ar chárta daite. Cén codán dá airgead póca a chaith Lee ar an gcárta daite?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ: Ag iolrú Codán faoi Shlánuimhir
5 × 4/5 = 20/5 = 4 uair an chloig ag foghlaim Gaeilge.
6 x 4/9 = 24/9 = 2 6/9 = 2 2/3 málaí plúr.
1 × 5 = 5km => 1/3 × 5 = 5/3 = 1 2/3km => 5km + 1 2/3km = 6 2/3
FREAGRAÍ: Ag iolrú Codán faoi Chodán
½ x ¾ = 3/8 den mbun-bhosca.
7/8 x 2/15 = 14/120 => 7/60 kg salainn.
¾ x 5/6 = [ná dearúd trasiolrú a úsáid –> 3 isteach i 6 faoi dhó] = 5/8 dá airgead póca.