Fíricí An-Spéisiúil Faoin Fhrainc

Bhíodh marcaigh ag marcaíocht ar chapall san Eoraip ar thaobh na laimhe clé den bhóthar, go dtí gur shocraigh an tImpire Francach Napoleon Bonaparte é sin a athrú go taobh na láimhe deise le teacht aniar aduaidh ar a chuid naimde.  Sin an fáth go dtiomáineann go leor tíortha ar thaobh na láimhe deise den bhóthar, ach in Éirinn (nár éirigh le Napoleon a chloí) tiomáineann muid ar thaobh na láimhe clé go fóill.

  • Itheann roinnt daoine Francacha seilidí i ndáiríre!  Is seilidí speisialta inite iad seo áfach, níl siad cosúil leis na cinn a fheiceann tú sa ghairdín.

  • Bronntanas a bhronn an Fhrainc ar Mheiriceá ab ea Dealbh na Saoirse agus b'e an fear céanna a rinne dearadh ar an Túr Eiffel (Gustave Eiffel), a chruthaigh Dealbh na Saoirse chomh maith.

Aimsigh do chuid fíricí féin faoin Fhrainc anois, agus roinn iad le do chlann!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Déan É

Nach raibh an teach Párasach a rinne Clíona go haoibhinn?  Seo na treoracha ionas gur féidir leat ceann a dhéanamh tú féin sa bhaile!

Ag teastáil uait:

  • Bosca gránaigh (nó cartán bainne/sú – féach isteach san athchúrsáil!)
  • Páipéar
  • Péinteanna nó pinn luaidhe daite/criáin
  • Cárta
  • Páipéar síprise/síoda
  • Gliú

Conas é a dhéanamh:

1) Ar dtús, faigh an bosca gránaigh agus árdaigh na liopaí chun díon a dhéanamh. Úsaíd cárta chun na taobhanna a líonadh isteach.

2) Ansin, cuir páipéar ar dhromchla an bosca le gliú. Tá sé i bhfad níos éasca é a phéinteáil anois!

3) Péinteáil na ballaí ar dtús agus ansin an díon.

4) Tarraing na fuinneoga agus greamaigh ar an mbosca iad le gliú.

5) Ansin tarraing an doras agus gliúáil ar do theach é.

6) Déan balcóin trí dronuilleoga beaga le barraí orthu a tharraingt.

7) Is féidir leat ainm sráide a chur ar do theach freisin más mian leat agus "voila!", mar a deirtear sa Fhrainc.  Tá do theach Párasach féin agat!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.