An Córas Díleá

An féidir leat na bearnaí a líonadh isteach ag cuir na baill choirp sa chóras díleá san áit ceart:

An Stéig Bheag – Le cabhair an domlas ae agus einsímí díleácha eile, bristear an bia síos níos mó anseo; glactar na cothaithigh isteach i sruth na fola. 

Éasafagas – Feadán fada a bhrúann bia síos ón béal go dtí an goile. 

Goile – Déantar an bia a mhaistrigh agus a mheascadh le haigéad chun leacht a dhéanamh.

Anas – Is tríd seo a fhágann fearadh do chorp agus isteach sa leithreas.  

Faireog Sheileach – Déantar seile chun bia a bhriseadh síos i do bhéal.

Béal – An áit a dtéann bia isteach i do chorp ina ndéantar é a chogaint i bpíosaí beaga ag na fiacla.

An Stéig Mhór – Ionsúnn sé seo uisce agus na cothaithigh atá fághta. Ansin bogann an fuíoll bia, sin an fearadh, faecas nó cac, ar aghaidh chuig an reicteam. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Fíricí Spraíúla faoin gCóras Díleá

  • Is féidir le bia dul tríd an córas díleá i do chorp fiú agus tú bunoscionn. Níl aon bhaint ag na fórsaí imtharraingthe leis, na matáin a bhogann an bia ar aghaidh.
  • Baineann roinnt púdair níocháin an smál de éadach ag baint úsáid as na heinsímí céanna agus a fhaightear i do chóras díleá.

  • Níl aon goile ag an Platapas ná an Capall Mara.

  • Borborygmi an téarma a úsáidtear nuair atá do bholg ag geonaíl agus tarlaíonn sé an t-am ar fad. Séard is borborygmi ann ná torann na matáin i do bholg agus an stéig bheag ag brú le chéíle chun bia, leacht agus gáis a bhogadh trí do chóras díleá. Mothaíonn an torann ón ruchtaíl agus geonaíl nios airde nuair atá do bholg folamh mar gheall nach bhfuil bia ann chun an fhuaim a mhúchadh.

  • Tagann méadú ar líon na seile a dhéanann tú a bhíonn tú ag caitheamh aníos chun do chuid fiacla a chosaint ón aigéad goile atá san aiseag.

  • Bhí snag ar fhear darb ainm Charles Osborne ar feadh 68 bliain, idir 1922 agus 1990.  Meastar gur snag sé os cionn 430 milliúin babhtaí ina shaol. 

  • Déanann tú brúcht chun an t-aer breise a shlogann tú a sceitheadh i ndiaidh duit – ithe ró-thapa, labhairt agus tú ag ithe, guma a chogaint nó deochanna shúilíneacha a ól.

  • Ar smaoinigh tú riamh cén fáth go dtagann arbhar amach i do chac? Níor smaoinigh? An fáth ná go bhfuil an taobh amuigh de ghráinne arbhair déanta as rud ar a dtugtar ceallalós, snáithín phlanda nach féidiir linn a dhíleá. Is féidir linn an chuid taobh istigh den arbhar a dhíleá, ach tagann an cáíthleach amach ina iomláine. 

Jócanna

Ar fearr do obair bhaile a dhéanamh ar bholg folamh nó bolg lán? 

Ceachtar!  Is fearr do obair bhaile a dhéanamh ar pháipéar.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.