Cluiche: Ag Insint Ama
Seo cluiche spraíúil chun an t-am a rá i nGaeilge a chleachtadh. Séárd a theastaíonn uait ná dísle, dhá licin, agus ar a laghad beirt imreoirí.
- Tosaíonn gach imreoir ag an Tús.
- Caitheann Imreoir 1 an dísle agus bogann siad chun cinn an méid céímeanna atá ar an dísle.
- Má stopann tú ar spás le clog air, scairt amach an t-am atá le feiceáil i nGaeilge.
- Má stopann tú ar chearnóg a deireann 'Caill Amach ar Chasadh', sin díreach a tharlaíonn!.
- Caitheann an chéad duine eile an dílse ansin agus ar aghaidh libh go mbaineann duine eigin an ‘Deireadh’ agus is iadsan an buaiteoir!
Saol Laethúil: Cárta Poist
Scríobh cárta poist chuig cara nó gao leat, ag insint dóibh faoi na rudaí a bhíonn ar siúl agat ar ghnáth lá. Seo roinnt briathra úsaídeacha gur féidir a úsaíd, a luaigh Clíona i gceacht an lae inniu:
- Éirim
- Ithim
- Breathnaíonn mé
- Téim
- Rithim
- Feicim
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.