skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Tíreolaíocht – Léarscáil Tríthoiseach

Déan léarscáil tríthoiseach na hÉireann

What you will need  

  • Ag teastáil uait – Cairtchlár m.sh bosca píotsa nó bosca gránaigh (greamaigh 2 phíosa le chéile le gliú chun é a dhéanmh níos tibhe)
  • Peann luaidhe
  • Páipéar nuachta
  • Péint gorm/bán/donn/glas
  • Gliú PVA, scuab phéinteála
  • Ciarsúr páipéir
  • Cipín fiacla & cárta nó páipéar do na bratach

Conas é a dhéanamh

1) Tarraing imlíne na hÉireann ar do chartchláir.  Ní gá go mbeadh sé foirfe.

2) uir gliú ar phíosa den léarscáíl, agus greamaigh páípéar brúíte air. Cuir tuilleadh gliú air agus lean ort go mbeidh an t-oileán ar fad clúdaithe le páipéar nuachta agat. 

3) Tosnaigh ag tógaíl na sléibhte le nuachtán. Déan mar a rinne tú cheana - gliú ar dtús, ansin greamaigh, agus tuilleadh gliú arís.

4) Greamaigh an ciarsúr páipéir stróícthe timpeall an léarscáil ar fad ionas go mbeidh an dromchla níos míne.

5) Nuair atá do léarscáil tirim, úsáid péínt glas don talamh. Cuir dath donn ar na sléibhte agus bán ar na beanna.

6) Úsáid dath dúghorm don fharraige agus athraigh go bánghorm timpeall ar an gcósta.

7) Ansin, faigh cipín fiacla beag agus déan brat le ainm sliabh scríofa air. Cuir do bhrat ar a bharr agus tá an mullach bainte amach agat. 

8) Nuair atá tú cleachtach ar na sléibhte a dhéanamh, bog ar aghaidh agus bain trial as na haibhneacha a phéinteáil nó cuir isteach aon sonraí eile gur mian leat.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Tráth na gCeist

Cén cur amach atá agat ar thíreolaíocht na hÉireann?

1) Céard í é an abhainn is faide in Éirinn? 

2) An féidir leat na Sé Chontae a ainmnú i dTuaisceart Éireann? Nod: FAT DAD

3) I gcén chúige atá Port Láirge?

4) Cen t-ainm atá ar an sliabh is airde in Éirinn?

5) Cén abhainn ar a bhfuil cathair Chorcaí suite?

6) Céárd é an contae is mó in Éirinn?

7) Céard é an contae is lú in Éirinn?

8) Cén contae an bhfuil an giorrúchán LM acu ar na huimhirphlátaí?

9) I gcén contae atá Aillte an Mhothair?

10) An muir idir Éire agus an Bhreatain, cén tainm atá air?

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí: 1) An tSionainn 2) Fear Manach, Aontroim, Tír Eoghain, Doire, Ard Mhacha & An Dún 3) Cúige Mumhan 4) Corrán Tuathail 5) An Laoi 6) Contae Chorcaí 7) Contae Lú, 8) Liatroim 9) An Clár 10)  Muir Éireann.