Tráth Na gCeist - 1950daí

Cé mhéad freagra Fíor / Bréagach gur féídir leat a fháil ceart:

1) Ina na 1950daí, níor rugadh fórmhór na bpáistí in ospidéil. Fíor/Bréagach?

2) D'fhéadfaí breagáin a dhéanamh as maidí, clocha nó fiú cipíní! Fíor / Bréagach?

3) D’fhan páistí ar scoil fiú agus iad ocht mbliana déag d’aois. Fíor / Bréagach?

4) Ba ar an Satharn amháin a bhíodh folcadh ag formhór na ndaoine. Fíor / Bréagach?

5) Ní raibh gá ag páistí cabhrú leis na gnáthchúraimí tí. Fíor / Bréagach?

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Mirlíní ar Mire!

Bhí an-dúil ag daoine óga i mirlíní ins na 1950daí. Seo bealach taitneamhach chun Cluiche Mirlíní Theach Aoibhnis a dhéanamh tú féin.

Ag teastáil uait:

  • Bosca Bróg folamh
  • Siosúr
  • Gliú
  • Peann Luaidhe
  • Péinteanna Póstaer
  • Scuab Phéinteála
  • Mirlíní (nó aon rud beag ciorclach, atá ábalta rolladh)

Conas Teach Aoibhnis a dhéanamh

Céim 1: Bain an barr ón mbosca bróg agus gearr amach an chuid íochtarach uilig freisin ionas nach bhfuil fághta ach ceithre bhalla.

Céim 2: Ar thaobh caol amháin den bhosca gearr amach dhá áirse, thart ar dhá orlach ar leithead agus dhá orlach ar airde. Déan cinnte go bhfuil orlach cairtchlár idir na háirsí.

Céim 3: Ins an taobh caol eile, gearr amach trí háirse. Arís, déan cinnte go bhfuil bearna idir gach áirse agus idir na háirsí agus taobh an bhosca. Péinteáil patrún timpeall ar na háirsí, cosúíl le béal ollphéiste.

Céim 4: Péinteáil an taobh amuigh den bhosca ar an taobh leis an dá áirse, agus ar an taobh istigh san áit atá na trí háirse. Lig cead do triomú.

Céim 5: Os cionn an dá áirse scríobh "5" phointe agus "10" bpointe. Scríobh na luachanna  "5" / "10" / "5" pointe os cionn na háirsí atá taobh istigh den bhosca.

Céim 6: Déan cinnte go bhfuil rud éigin ar an taobh eile den bhosca chun breith ar na mirlíní nuair a thagann siad amach tríd an taobh eile.

Céim 7: Tosaigh ag scaoileadh! Leag síos mirlín píosa beag siar ó oscailt na háirse agus buail de smeach é ag úsaíd do ordóg agus cormhéar. Aimsigh pointí trí na mirlíní a scaoileadh tríd na poill le luachanna éagsúla agus coinnigh an scór. Imir cúig bhabhta do scaoileadh-mirlíní agus oibrigh amach cé atá buacach!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí: Fíor / Fíor / Bréagach / Fíor / Bréagach